Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Ó Donnghaile agus tá leithscéal gafa ag na Teachtaí Daly, Connolly agus Moynihan go mbeidh siad anseo ach go mbeidh siad déanach toisc go bhfuil siad thall san fhoirgneamh eile. Bhí sé i gceist agam déileáil leis an dréacht tuarascáil ar an nGarda Síochána agus an méid a bhí le rá aige sin, ach níl an Teachta Connolly anseo. Dá bhrí sin, is féidir linn é a fhágáil go dtí deireadh an chruinnithe toisc go bhfuil roinnt leasuithe agus moltaí aici faoin tuairisc a bhfuilimid chun cur faoi bhráid na Dála.