Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 16 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): An Roinn Oideachais

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe agus ba mhaith liom fáilte a chur rompu. Sula dtiocfaidh mé chuig an gceist ar T1 agus T2, ba mhaith liom a rá go gcreidim go bhfuil fadhb ann le múineadh na Gaeilge sna scoileanna i gcoitinne. Céard air a bhunaím é sin? Ar an gcéad dul síos, bíonn Gaeilgeoirí ag fanacht sa teach s'againne le píosa maith de bhlianta agus cuireann sé iontas ormsa go dtagann gasúir atá tar éis an teastas sóisearach a dhéanamh, mar shampla, nó atá sa bhliain roimh an ardteistiméireacht go dtí an teach agus gur ar éigean go bhfuil siad in ann trí abairtí a chur in éineacht. Shílfeadh duine, dá mbeadh duine ar bith ag foghlaim teanga le chomh fada sin, go mbeadh siad in ann déanamh níos fearr ná sin. I mo thuairim, níl aon amhras ann ach go bhfuil an cruinneas, an líofacht agus an saibhreas tite sa Ghaeltacht. Is minic nach mbíonn eolas ar an ngramadach ró-láidir ach an oiread. Mar sin, má táimid ag breathnú ar shiollabas a thabharfaidh cumas labhartha agus scríofa cruinn ceart saibhir, caithimid breathnú amach don rud atá ar bun i láthair na huaire. Tá a fhios agam go mbeidh daoine gortaithe, b'fhéidir, go ndeirim an méid seo ach is fírinne an tsaoil í.

Maidir le ceist na sonraíochtaí, tá tagairt á déanamh an t-am uilig maidir leis an teastas sóisearach. Níl i gcluiche an teastas sóisearaigh ach cluiche dúshláin. Níl aon chorn ná brabach dá bharr. Mar sin, má dhéanann scoláirí T1 nó T2 ag leibhéal an teastas sóisearaigh, cén difríocht a dhéanann sé? Bíodh muid fírinneach réadúil faoin saol atá amuigh ansin. Ba chóir go mbreathnaímid air sa chaoi ina mbreathnaíonn tuismitheoirí agus scoláirí air nuair a théann daoine isteach sna ranganna sinsearacha sa mheánscoil agus nuair a roghnaíonn siad na hábhair le haghaidh na hardteistiméireachta. Tá corn le gnóthú as an gcluiche seo, corn na bpointí. Díríonn chuile shórt ar chorn na bpointí ag an bpointe sin. Smaoiníonn siad ar cé mhéad pointe is féidir leo a fháil ar an mbealach is éasca. Tá siad cosúil le daoine sa chluiche ceannais. Déanann siad cibé rud gur chaithfidh siad a dhéanamh le gnóthú, go mórmhór iad siúd atá ag iarraidh cúrsaí dúshlánacha a dhéanamh san ollscoil. Is faoi sin atá an plé seo i ndáiríre.

Is féidir leis an Roinn a bheith ag caint thuas san aer go brách na breithe ach más rud é go bhfuil dhá rogha ag gasúir nó scoláirí óga, T1 agus T2, más rud é go bhfaigheann siad 100% gan stró, gan anró agus gan aon deacracht má dhéanann siad T2 agus an fhéidearthacht ann nach bhfaigheann siad marc chomh maith le T1, agus más rud é go bhfuil siad ag iarraidh pointí arda a fháil, mar aon le chuile ghasúr, is féidir dearmad a dhéanamh ar Newman agus teoiricí oideachais ag an bpointe seo mar, fad is atá an CAO ann, is rás na bpointí a bheidh i gceist. Tuigeann aon duine a raibh gasúr aige nó aici riamh a rinne an ardteistiméireacht é sin. Fad is atá sé níos éasca níos fearr a dhéanamh le T2 ná le T1, agus fad is gur féidir a bheith cinnte faoi na marcanna, céard a dhéanfadh daoine atá ag iarraidh leigheas, dlí nó rud mar sin a dhéanamh san ollscoil ach an ceann a thugann marcanna arda ar an mbeagán oibre a roghnú? Is faoi sin atáim ag plé anseo. Is féidir linn dul timpeall ar shonraíochtaí agus go leor leor rudaí deasa, agus is faoi sin atá sé seo. Is air sin a dhéanann daoine a gcuid roghanna.

Feicim sa leagan Béarla, cé nach bhfuil sé ráite sa leagan Gaeilge, gur féidir go ndéanfar cúiteamh nó go dtabharfar sparánachtaí. Níl aon mhaith sparántacht mura bhfuil daoine ag déanamh na n-ábhar a theastaíonn uathu san ollscoil toisc nach raibh na pointí acu le fáil isteach sa rud gur theastaigh uathu a dhéanamh. Cén mhaith sparánacht? Is ar an mbeagán a bheadh na sparánachtaí ach bheadh na pointí ann do chuile dhuine. Cuirfidh mé sin as an áireamh, ar nós Maggie Thatcher fadó. Deireann sé ansin go mbeidh cúrsaí faoi leith ina mbeidh Gaeilge den scoth ag teastáil. Tá cuid mhaith de na gasúir nó scoláirí is mó, ón nGaeltacht agus ó thaobh amuigh di, éirimiúil. Táim ag caint faoi dhaoine a labhraíonn Gaeilge sa mbaile i gcónaí. Níl fonn dá laghad orthu Gaeilge acadúil a dhéanamh san ollscoil. Bíonn siad ag iarraidh an rud ceannann céanna a dhéanamh agus a dhéanann gasúir a labhraíonn Béarla sa mbaile. Tá an céatadán céanna acu seo ag iarraidh an rud céanna. Ní bheadh le déanamh ach dul amach thart ar na scoileanna agus fiafraí díobh chun é seo a fheiceáil. Níl aon mhaith ansin.

Deirtear anseo "the Department is aware of a call from stakeholders for the awarding of CAO bonus points to encourage uptake". Níor mhealladh atá i gceist anseo ar chor ar bith. Ní bheadh na daoine á mhealladh chun é a dhéanamh. Má táthar ag déanamh cúrsa níos deacra, ba cheart go mbeadh marcanna níos airde ar fáil. Luíonn sé le réasún. Má tá cúrsa amháin éasca agus cúrsa eile níos deacra, agus má táthar chun an brabach céanna a fháil as an dá rud, táimid ar ais timpeall an chiorcail arís. Dhéanfadh scoláirí an rud is éasca. Mar a dúirt mé nuair a bhí muid ag caint air seo cheana anseo sa Dáil, dá mba rud é go bhfaighfí pointe amháin i gcluiche pheil Ghaelach as an liathróid a chur san eangach nó as é a chur thar an trasnán, ní bheadh éinne ag triail é a chur san eangach. Chuirfeadh siad thar an trasnán é chuile uair mar beidh siad i bhfad níos cinnte go bhfaighidh siad an scór. Ar ndóigh, tá brabach ann as é a chur san eangach. Faightear trí phointe mar tá sé níos deacra agus mar tá cúl báire leis an liathróid a stopadh. Is é an prionsabal céanna atá i gceist anseo. Tá sé an-simplí.

Ní fheicim gur mór an mhaith an plé seo ar fad ó thosaigh má táthar, ag an deireadh, chun dul ag rá na ceiste a bhfuil chuile thuismitheoir agus chuile scoláire fud fad na tíre chun é a chur. Dála an scéil, níl aon chúis faoin spéir nach ndéanfadh daoine a fuair a gcuid oideachais i meánscoileanna atá ag múineadh trí Bhéarla cúrsa deacair Gaeilge. Is iomaí duine le togha na Gaeilge sa Teach seo a fuair a gcuid oideachais trí Bhéarla. Táimse ina measc. Fuair mé mo chuid oideachais i mBaile Átha Cliath. Is miotas é nach féidir le daoine i scoileanna Béarla atá ag múineadh na Gaeilge go maith mar theanga, ach an oiread leis an matamaitic nó aon ábhar eile, a leithéid de chúrsa a thabhairt leo go maith. Cinnte dearfach, bheinn ag súil go mbeadh go leor spéise ag go leor gasúr i scoileanna Béarla i gcúrsa dúshlánach a dhéanamh.

An bhfuil mórán céille le bheith ag plé ceist na sonraíochtaí sula mbeidh a fhios againn cén brabach breise nó cén cúiteamh a bheidh i gceist as cúrsa níos deacra a dhéanamh seachas an cúrsa éasca? Go dtí go mbeidh freagra ar an gceist seo, ní bheidh an Roinn in ann réamhbhreithiúnas a fháil ó éinne sa phobal a bhfuil fíorspéis agus leas acu sa scéal seo, is é sin, tuismitheoirí agus scoláirí atá ag teacht i dtreo na hardteistiméireachta. Ní bheifear in ann freagra a fháil uathu because níl a fhios acu céard faoi atáthar ag caint. Sin í an cheist.