Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 16 June 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta (Atógáil): An Roinn Oideachais

Ms Eibhlín Ní Scannláin:

Maidir leis an gcéad phointe a luaigh an Teachta mar gheall ar an gcinneadh a chur siar nó ar a laghad síneadh ama a chur leis an bpróiseas comhairliúcháin, is comhairliúcháin de chuid CNCM atá i gceist agus, mar a luaigh an tUasal O’Connor ansin níos luaithe, tá cruinniú eile de chuid na comhairle ag tarlú amárach, agus mar a luadh sa doiciméad faisnéise a cuireadh ar fáil, cuireadh na hábhair imní in iúl do CNCM ag an gcruinniú a bhí aici an mhí seo caite chomh maith.

Maidir leis an gcoiste idir-rannach, tá an Roinn Oideachais páirteach ann leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Aithnítear go bhfuil saincheisteanna áirithe ó thaobh an oideachais agus, mar sin, cinneadh gur ghrúpa idir-rannach a phléifeadh le cuid de na saincheisteanna sin chomh maith. Phléifidh an grúpa seo an t-oideachas, an Ghaeilge sa chóras agus, níos leithne ná sin chomh maith, na rudaí eile arbh fhéidir tacú le foghlaim na Gaeilge agus le forbairt na foghlama sin.

Maidir leis na beartais, tá sé leagtha amach sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017–2022 go ndéanfar breathnú ar bheartais éagsúla chun tacú le spreagadh a thabhairt do scoláirí tabhairt faoi shonraíocht T1. Táthar ag féachaint i láthair na huaire ar na beartais sin agus tá bearta ar nós 10% d’áiteanna i gcoláistí oiliúna, sparánachtaí agus a leithéidí sin luaite sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017–2022. Ar ndóigh, tá próiseas comhairliúcháin ar siúl faoi láthair agus is dréacht-doiciméad curaclaim atá ann anois. Táim cinnte go dtuigfidh an coiste go mbeidh sé tábhachtach go mbeidh pé beartas a chuirfear ann ag freagairt do na sonraíochtaí a bheidh ann ag deireadh an lae. Toisc go bhfuilimid amuigh le haghaidh comhairliúcháin anois, d’fhéadfaí go dtiocfaí athruithe orthu, ag brath ar an sórt aiseolais a thiocfaidh ó rannpháirtithe. Mar sin, nuair a bheidh breis aiseolais ar fáil agus nuair a bheifear níos cóngaraí do shonraíochtaí níos críochnúla a bheith ar fáil, bheifí ábalta na beartais éagsúla a shainaithint ar bhealach níos fearr agus níos oiriúnaí do na sonraíochtaí agus an sórt foghlama sin a bhaint amach.

Maidir leis an athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na sonraíochtaí le bheith sa tsraith shóisearach, tháinig Covid-19 aniar aduaidh ar gach éinne gan dabht ach bhí múinteoirí páirteach i bhforbairt na ndréacht-sonraíochtaí don ardteistiméireacht. Tá moill ar an gcomhairliúchán faoi láthair. Is cinnte go raibh a dtuairimí agus a dtaithí ar na sonraíochtaí i gcás na sraithe sóisearaí ag teacht chun cinn agus, mar bhonn eolais freisin do na tuairimí, do na dearcthaí agus do na moltaí a bhí á ndéanamh acu siúd le linn an phróisis sin. Is cinnte chomh maith go bhfuil a bhfreagairt don chomhairliúchán reatha bunaithe cuid mhaith ar chuid den taithí sin chomh maith.

Tá dhá chohórt de scoláirí tar éis trí bliana an timthrialla ag an bpointe seo. Is é an t-aon chuid amháin de nár cuireadh i bhfeidhm i ndáiríre ná an scrúdú deiridh nó seachtrach a bheadh deartha agus marcáilte go seachtrach ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Bhí scoláirí ábalta dul i ngleic leis na measúnuithe ranga atá bunaithe mar dhlúthchuid den taithí foghlama atá le bheith ag scoláirí ag leibhéal na sraithe sóisearaí agus tá an taithí sin acu dá réir. Tá an CNCM, mar chuid dá próiseas comhairliúcháin, ag bualadh le scoláirí, le múinteoirí, le tuismitheoirí agus le lucht bhainistíocht na scoile. Tá deiseanna ansin le heolas a bhailiú ar na réimsí sin ar fad chomh maith.