Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Múinteoirí Nuacháilithe agus Ábhair Oidí: An Chomhairle Mhúinteoireachta

Mr. Tomás Ó Ruairc:

Ba mhaith leis an gComhairle Mhúinteoireachta buíochas a ghabháil leis an gcomhchoiste as an gcuireadh seo a eisiúint le ceist chaighdeán Gaeilge múinteoirí nuacháilithe a phlé. In éindí liom anseo tá mo chomhghleacaí, leas-stiúrthóir na comhairle, Phil Fox. Aithníonn muid uile go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag earnáil na Gaeilge le blianta anuas agus aithníonn muid chomh maith go bhfuil dúshláin nach beag romhainn i gcónaí. Fáiltíonn an chomhairle roimh an deis an cheist seo a phlé, nó is cosúil go gcaithfear dlús a chur leis an gcomhoibriú eadrainn ar fad le tacú le labhairt na Gaeilge sa phobal i gcoitinne.

Tuigtear don chomhairle go bhfuil an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí ar an gclár chomh maith. Is mian linn a shoiléiriú don chomhchoiste go bhfuil an Roinn Oideachais freagrach as an gceist áirithe seo. Tá an chomhairle freagrach as na caighdeáin don tréimhse fhoghlama Gaeltachta mar atá leagtha amach in Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí.

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht um chaighdeáin ghairmiúla don mhúinteoireacht a dhéanann caighdeáin ghairmiúla na gairme a chur chun cinn agus a rialáil. Feidhmíonn sí ar mhaithe le leas an phobail agus, ag an am céanna, tacaíonn sí agus cuireann sí le caighdeáin na múinteoireachta. San áireamh anseo cuireann muid comhairle ar an Aire Oideachais maidir le critéir iontrála do chláir oideachas tosaigh múinteoirí agus déanann muid cláir oideachas tosaigh múinteoirí a athbhreithniú agus a chreidiúnú. I measc ár bhfreagrachtaí eile tá faomhadh An Gharda Síochána le haghaidh múinteoirí cláraithe; clárú múinteoirí; ionduchtúchán múinteoirí nuacháilithe sa phróiseas Droichead; foghlaim múinteoirí nó forbairt ghairmiúil leanúnach, FGL, faoin gcéad chreatlach náisiúnta, Cosán; gearáin maidir le múinteoirí cláraithe faoi ábhair dháiríre, oiriúnacht um theagasc mar a dtugtar air; agus taighde a chur chun cinn i ngairm na múinteoireachta.

Maidir le cláir oideachas tosaigh múinteoirí a chreidiúnú, is gá idirdhealú a dhéanamh idir creidiúnú gairmiúil agus creidiúnú acadúil. Tá an chomhairle freagrach as creidiúnú gairmiúil, is é sin, cé chomh maith is a ullmhaíonn an cúrsa ábhar oide do riachtanais laethúla an tseomra ranga. Creidiúnú acadúil is ea an próiseas a dheimhníonn cé acu an bunchéim nó máistreacht é an cúrsa. Tá na hollscoileanna, nó na seanaid s’acu, freagrach as an bpróiseas sin.

Más ar scoil a mhúintear an Ghaeilge, is i mbaclainn an phobail a bhláthaítear í. Más feabhas ar labhairt, ar shealbhú agus ar mhúineadh na Gaeilge atá uainn, is gá breathnú ar chomhthéacs an phobail ina bhfuil múinteoirí ag obair agus ar cheist na n-acmhainní agus na dtacaíochtaí leanúnacha atá ar fáil dóibh. Díol suime is ea tuairisc an phríomhchigire i gcomhair 2016 i gcomhthéacs na ceiste seo. Thug an tuairisc chéanna faoi deara go raibh feabhas tagtha ar na caighdeáin teagaisc ón uair a foilsíodh an tuairisc dheireanach uaidh, ó 86% de scoileanna ar tugadh cuairt orthu go 88% go 94%. Is fíor a rá, i gcodarsnacht le teagasc an Bhéarla agus na matamaitice, nár tugadh aon fheabhas faoi deara i múineadh na Gaeilge i scoileanna idir 2013 agus 2016. Go deimhin, dúirt an tuairisc ó 2016 go raibh caighdeán mhúineadh na Gaeilge ar fheabhas i 12% de na ceachtanna a chonacthas agus go maith i 60%. Dúirt an tuairisc gur thug sé seo le fios go láidir go bhféadfaí an-dul chun cinn a dhéanamh ar an ábhar seo.

Léiríonn díomá na tuairisce nach é caighdeán Gaeilge na n-ábhar oidí ná na múinteoirí nuacháilithe an chloch is mó ar ár bpaidrín anseo. Faoi láthair, tá timpeall 109,000 duine cláraithe mar mhúinteoirí leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Gach bliain, déanann an chomhairle idir 3,000 agus 4,000 duine ar an meán a chlárú don chéad uair mar mhúinteoirí. Mar sin, is í an cheist is mó a ardaíonn tuairisc an phríomhchigire 2016 ná céard iad na háiseanna agus na hacmhainní breise atá de dhíth ar mhúinteoirí, agus ar na scoilphobail ar a bhfuil siad ag freastal, le tacú, le sealbhú agus le labhairt na Gaeilge ina measc?

In Céim, leagtar amach go dtabharfaidh gach clár oideachas tosaigh múinteoirí, OTM, ag leibhéal na bunscoile faoi mhuinín agus chumas na múinteoirí faoi oiliúint sa Ghaeilge, lena n-áirítear an Ghaeilge labhartha, agus an fhorbairt den leibhéal céanna go dtí leibhéal leordhóthanach le go mbeidh siad in ann Gaeilge an churaclaim bhunscoile a mhúineadh. Clúdaíonn sé seo foghlaim na teanga mar chuid de thréimhse fhoghlama sa Ghaeltacht, cé nach bhfuil sé teoranta di.

Tá torthaí foghlama na siollabas teanga a leantar ar na cláir oideachais don bhunmhúinteoireacht ar an mbaitsiléir san oideachas agus ar an máistreacht ghairmiúil san oideachas ar fad bunaithe ar leibhéal B2 de chomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha agus ar na hinniúlachtaí éagsúla atá leagtha amach sa cháipéis sin. Maidir le mic léinn ar an mbaitsiléir san oideachas trí mheán na Gaeilge, tá torthaí foghlama na siollabas teanga a leantar bunaithe ar leibhéal níos airde, leibhéal C1 de chomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha agus ar na hinniúlachtaí éagsúla atá leagtha amach ansin.

Bíonn ar mhic léinn oideachais a bhíonn ag staidéar don bhunmhúinteoireacht ar an dá chúrsa sin, an baitsiléir san oideachas agus an mháistreacht, ar fad freastal ar thréimhsí foghlama sa Ghaeltacht, is é sin le rá, dhá thréimhse choicíse. Ar na tréimhsí foghlama sin, leanann na coláistí Gaeltachta siollabais chomónta, is é sin, na siollabais oifigiúla do na tréimhsí foghlama sa Ghaeltacht do mhic léinn oideachais, na siollabais a dhear na hinstitiúidí ardoideachais go léir le chéile i gcomhpháirt le Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus, ar ndóigh, leis an Roinn Oideachais.

Tugtar Céim, mar a dúirt mé, ar na caighdeáin d’oideachas tosaigh múinteoirí toisc nach bhfuil sa staid seo i ngairm beatha na n-ábhar oidí ach céim amháin. Léiríonn an taighde go bhfuil ábhar oidí ag foghlaim an chaoi le múineadh ó thosaigh siad ag freastal ar an scoil, go minic i ngan fhios dóibh féin. Tá a fhios ag an saol go bhfuil siad ag foghlaim na Gaeilge le linn na tréimhse céanna ar feadh 14 bliana beagnach. Anuas air seo ar fad, is fiú go mór tacaíocht an Stáit do na meáin Ghaeilge a aithint anseo, nó is dlúthchuid de ghréasán an phobail don teanga í. Áirítear anseo TG4, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte, tuairisc.ie, an iris Nós, agus Comhar.

Ar nós aon scil, go háirithe sealbhú teanga, tógann sé tamall fada caighdeán barr feabhais a bhaint amach. Tógann sé tamall fada an caighdeán céanna a chailliúint agus is gá le daoine filleadh ar thobar na foghlama go minic ar feadh an saol leis an scil chéanna a chothú agus a choimeád ag an leibhéal céanna. Tá creatlach náisiúnta le haghaidh foghlaim múinteoirí faofa ag an gComhairle Mhúinteoireachta faoinar féidir linn uile an dua a chaitheann an ghairm lena bhfoghlaim ghairmiúil i ngach aon réimse, an Ghaeilge san áireamh, a aithint agus a cheiliúradh. Cosán an teideal atá ar an gcreatlach seo. Deis iontach is ea Cosán do gach eagraíocht a chuireann deiseanna foghlama ar fáil do mhúinteoirí a gcuid oibre a fhí isteach le creatlach ghairmiúil ardchaighdeán.

Tá neart eagraíochtaí agus scoileanna ag múineadh na teanga do na céadta mílte daoine le beagnach 100 bliain anuas. Tá na ceisteanna seo á bplé i bhfad sular bunaíodh an chomhairle. Má tá bearnaí sa chur chuige straitéiseach, tugann an fhianaise uile le fios nach laigí sa soláthar oideachais an fhadhb is mó. Cad iad an dá dhúshlán is mó atá againn? Ar an gcéad dul síos, tá sé mar dhúshlán againn meon a chothú a thuigeann gur próiseas saoil is ea foghlaim de chineál ar bith, sealbhú teanga san áireamh. Ar an dara dul síos, caithfimid tacaíochtaí pobalbhunaithe dár múinteoirí a neartú go mór. Gabhaim buíochas leis na baill agus táim ag súil go mór lena gcuid ceisteanna.