Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhís Craolacháin Gaeilge: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá áthas orm go bhfuil an plé seo ar bun. Aithním go bhfuil méid áirithe déanta ag an Aire laistigh de bhliain maidir le cúrsaí Gaeilge agus go dtógfaidh na hathruithe móra a theastaíonn am. Is é an chéad rud a gcaithfidh muid breathnú air, áfach, ná céard é fís na tíre agus fís an Oireachtais maidir leis an gcraolachán náisiúnta dúchasach Éireannach Béarla agus Gaeilge agus ansin maidir leis an gcraolachán trí Ghaeilge go sainiúil. Táimid báite in abhainn an Bhéarla anseo. Má bhreathnaítear ar an teilifís, feictear na céadta stáisiún atá ag craoladh trí Bhéarla. Níl aon easpa díobh. An bhfuil dóthain den chraoladh á dhéanamh go dúchasach in Éirinn? An bhfuil an iomarca clár á gceannach isteach ag RTÉ? Ansin caithfimid breathnú go sonrach ar ábhar an lae inniu, craoladh na Gaeilge. Tosaím i gcónaí leis an mbundlí atá againn agus a thug muid orainn féin. Deireann sé sin go bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga náisiúnta. Ní teanga mhionlaigh í an Ghaeilge in Éirinn ach príomhtheanga náisiúnta. Ní ceart dúinn sa Teach seo, ó tharla go bhfuil muid faoi gheasa an Bhunreachta, dearmad a dhéanamh air sin riamh.

Thosaigh an plé atá ar bun inniu mar gheall ar na ciorruithe a rinne RTÉ ar chaiteachas ar nuacht Gaeilge RTÉ agus nuacht Gaeilge TG4, gurb ionann iad. Is é an cheist atá agam le cur ar an Aire inniu ná an bhfuil i gceist aici athrú as cuimse a chur ar an gcreat cistíochta do chraoladh go ginearálta in Éirinn agus, go mórmhór, don chraoladh trí Ghaeilge? Ar na ceisteanna sonracha atá agam ná an bhfuil i gceist ag an Aire athrú ó bhun a chur ar chistíocht TG4 agus sciar ceart cistíochta as an táille cheadúnais agus as an Státchiste a thabhairt do TG4? Is stáisiún náisiúnta teilifíse é. Maíonn stáisiún eile gur an craoltóir náisiúnta é ach, do chuid mhaith daoine sa tír, is mó go bhfuil TG4 ina chraoltóir náisiúnta ná an stáisiún eile RTÉ. Laistigh de sin, an mbeidh soláthar ann le go mbeidh maoiniú ceart ag TG4 go díreach maidir le cúrsaí nuachta agus maidir le cúrsaí reatha? Thógfadh sé seo reachtaíocht. Níl mise ag iarraidh riamh a chloisteáil nár mhol coimisiún na meán é. Is muidne an tOireachtas agus is í an Teachta Martin an tAire. Is comhairle a chuireann chuile dhuine eile orainn. Is fúinn atá sé cinneadh a dhéanamh.

I measc na rudaí breise go dteastaíonn airgead go géar uathu ná cláir do ghasúir. Ní bealach níos fearr ina bhfoghlaimíonn gasúir teanga ná tríd an teilifís. Tá cláir do ghasúir agus do dhéagóirí ag teastáil maraon le tuilleadh clár teilifíse scoile.

Má bhreathnaítear ar chúrsaí reatha ar TG4, tá "7 Lá" ann, clár a mhaireann leathuair an chloig. Má bhreathnaíonn aon duine a bhíonn ag plé leis an dá stáisiún ar ar na hacmhainní atá ag an gclár sin le hais acmhainní "Prime Time" amháin, mar shampla, feiceann sé nó sí go bhfuil daoine ag titim ar a chéile i gceann amháin, agus ní hé TG4 é. Fadó sna 1970í, bhí leathuair ag RTÉ do chúrsaí reatha. "Féach" an t-ainm a bhí ar an gclár sin. Tá "7 Lá" anois ina áit. Níl aon dul chun cinn déanta in ainneoin go bhfuil stáisiún náisiúnta ag craoladh trí Ghaeilge.

Aontaím leis an méid a dúradh ach an bhfuil sé i gceist cistíocht a thabhairt díreach ón Státchiste nó ón táille cheadúnais do Raidió na Gaeltachta, gan aon lámh a bheith ag RTÉ sa scéal? Chinnteodh sé sin cothromas agus cumas maidir le cláir a dhéanamh. Bheadh sé thar a bheith spéisiúil don Aire anailís a dhéanamh ar cé mhéad duine atá gafa le "Morning Ireland" agus cé mhéad duine atá ag RTÉ Raidió na Gaeltachta le "Adhmhaidin" a chur ar an aer. Tá an rud céanna i gceist um thráthnóna. Thuigfí go gcaitear leis an nGaeilge i gcónaí in áit na leathphingine agus go bhfuil éacht á dhéanamh ag an bhfoireann ar phá níos lú.

Tá Raidió Rí-Rá luaite anseo ach is é an t-éileamh atá ann i measc mílaoisigh ná go mbeadh stáisiún raidió náisiúnta ann do dhaoine óga a bheadh ag craoladh go minic agus a bheadh ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Is féidir le Raidió Rí-Rá nó le stáisiún náisiúnta nua a bhunófaí le cistíocht dhíreach ón Státchiste an ról sin a ghlacadh. Is cuma liom ach ba cheart go mbeadh stáisiún náisiúnta ar nós Raidió na Gaeltachta ann a bheadh dírithe ar aos óg na tíre seo agus a bhfaigheadh cistíocht ón lárchiste. Tugaimis 2FM na Gaeilge air le go dtuigfí an cineál ruda, múnla nó creata atá i gceist agam.

Is ceisteanna don Aire iad seo mar is ceisteanna móra polasaí iad. Cuireann Údarás Craolacháin na hÉireann an polasaí i bhfeidhm ach is muide sa Teach seo, agus an Teachta Martin mar Aire, a chuireann an mórpholasaí i bhfeidhm. Tá sé thar am anois mórathrú a dhéanamh ar an mórpholasaí agus gan a bheith ag obair timpeall ar an imeall gan an t-athrú radacach is gá a dhéanamh a dhéanamh.