Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhís Craolacháin Gaeilge: Plé

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fáilte roimh chách. An craoltóir a bhíonn teagmháil agam leis is minice ná Raidió na Gaeltachta. Déanann an fhoireann go léir thall i mBaile na nGall an-jab ar fad mar gheall ar chúrsaí nuachta, spóirt, ceoil, "An Saol ó Dheas" agus gach aon rud mar sin. Thosnaíodar i mBaile na nGall an aip Report-IT agus úsáideann a lán de na craoltóirí eile an aip sin i gcomhair cáilíochtaí nó soiléireachta fuaime den scoth a bheith acu.

An chéad cheist atá agam tá sé ar an easpa fógraíochta atá sna meáin. An dtacódh an tAire leis na leasuithe traspháirtí i Bhille na dteangacha go ndéanfaidh gach comhlacht poiblí 20% dá gcuid poiblíochta as Gaeilge agus go ndéanfaidh siad 5% de sin ar na meáin Ghaeilge? An bhfuil dóthain foirne ag Raidió na Gaeltachta chun freastail ar an sceideal 24-7 a chuireann sé ar fáil? An bhfuil an trealamh agus acmhainní riachtanacha eile cuí ar fáil do chraoltóirí Raidió na Gaeltachta chun a gcuid oibre a dhéanamh mar is ceart? An bhfuil sé ceart, ag an bpointe seo, a bheith ag smaoineamh ar Raidió na Gaeltachta a bheith neamhspleách ó RTÉ?

Tá sé soiléir nach dtuigeann bord bainistíochta RTÉ - agus tá RTÉ ag teacht os comhair an choiste freisin - an ról tábhachtach atá ag an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí a dhéanann Raidió na Gaeltachta. Chuala mé an Teachta Ó Muimhneacháin ag caint faoi chúrsaí pá. Is iad sin na ceisteanna atá agam.