Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhís Craolacháin Gaeilge: Plé

Ms Fionnuala Murphy:

Déanfaimid é sin a réiteach. Déanfaidh mé achoimre ghearr ar phlean gníomhaíochta an BAI don Ghaeilge. Tá ról fíorthábhachtach ag an BAI i leith cláir agus seirbhísí craolacháin Gaeilge in earnáil chlosamhairc na hÉireann a chur chun cinn agus a spreagadh. Leagtar amach an ról seo i misean, fís, luachanna agus spriocanna an BAI, atá ar fáil i ráiteas straitéise an údaráis. Sheol an t-údarás plean gníomhaíochta don Ghaeilge chun an Ghaeilge a fhorbairt agus a láidriú in earnáil chlosamhairc na hÉireann i bhFeabhra 2019. Tugann an plean aghaidh ar chúig réimse.

An chéad sprioc ná tacú le cláir agus stáisiúin Ghaeilge agus iad a fhorbairt agus a chur chun cinn trí thograí ceadúnaithe agus cistí craolacháin. Mar shampla, faoin sprioc sin tugann an BAI gealltanas go ndéanfaidh sé a dhícheall machnamh i leith seirbhís raidió FM nua a chur ar fáil. Maidir le seirbhís nua Gaeilge don aos óg, beidh seans ag páirtithe áirithe cur isteach ar an tseirbhís FM sin má chuirtear ar fáil é. Déanfaidh muid féidearthachtaí a mheas ó thaobh na seirbhíse don aos óg agus cabhair a thabhairt nó bheith ag caint faoi sin. Sin cuid d’obair an choiste comhairleach don Ghaeilge. Táimid ag caint le daoine agus tá foghrúpa bunaithe againn chun an sprioc sin a chur chun cinn, mar a labhair muid faoi níos luaithe.

Cuirfimid comhairle theicniúil ar fáil maidir le tarchur freisin mar is rud casta é. Níl a lán spás sa leathanbhanda faoi láthair. Ní duine teicniúil mé ach tá a fhios agam go bhfuil fadhbanna ag baint leis sin. Dá mbeadh seans ann stáisiún nua a chruthú, bheadh ceisteanna ann ó thaobh conas é sin a dhéanamh agus an mbeadh féidearthacht ann tarchur multi-city a bheith ann. Tá sé casta agus cosnaíonn sé a lán airgid freisin. Tá a lán le cur le chéile agus a bheith ag smaoineamh faoi. Táimid sásta cabhair a thabhairt do dhaoine maidir le ceisteanna a bheadh acu faoin tarchur agus mar sin de.

Baineann an sprioc seo le cistí maoinithe atá ag an BAI, mar fuaim agus fís, freisin. Leagtar amach a lán staitisticí faoin gciste sin san aighneacht. Mar a dúirt Michael, is gá 25% den chiste fuaim agus fís a chur ar leataobh i gcomhair tionscnaimh Ghaeilge nó dhátheangacha agus i 2020 bronnadh níos mó ná sin - 29%. Tá ciste um chartlannú againn freisin agus bronnadh níos mó ná €1.5 milliún ar TG4 thar na blianta chun ábhar craolta a chaomhnú agus a chur ar fáil don phobal. Tá sé sin ar fáil do dhaoine freisin.

An dara sprioc ná comhpháirtíochtaí Gaeilge a spreagadh agus bunaíodh an coiste comhairleach don Ghaeilge mar chuid den sprioc sin. Bhí muid ag iarraidh bheith ag plé agus ag caint le páirtithe leasmhara Gaeilge chun go mbeadh réim leathan de dhaoine atá ag obair in earnáil craolacháin na hÉireann in ann caint linn agus comhairle a thabhairt dúinn faoi na rudaí is tábhachtaí le cur chun cinn. Tá ionadaíocht ó TG4, RTÉ, Craol, IBI agus Screen Producers Ireland ar an gcoiste agus tagaimid le chéile ceithre huaire sa bhliain chun an plean agus na spriocanna atá ann a phlé. Tugaimid tús áite do spriocanna áirithe agus déanaimid obair orthu sin i rith na bliana. An bhliain ina dhiaidh, féachaimid orthu arís agus déanaimid monatóireacht ar an bplean. Tugann baill an choiste comhairle agus tacaíocht dúinn an plean a chur i bhfeidhm.

An tríú sprioc ná tacú le taighde. Thug an BAI maoiniú do Dr. John Walsh ó NUIG don tríú céim den taighde a bhí ar siúl aige faoi úsáid na Gaeilge ar an raidió. Tá sé sin leagtha amach san aighneacht freisin. Tugaimid gealltanas sonraí a bhailiú faoin bplean agus sin mar a rinne muid leis an tionscadal bailithe sonraí i leith na Gaeilge. Nuair a bhí an taighde ar siúl ag Dr. John Walsh agus Dr. Rosemary Day ar dtús bhí siad ag féachaint ar sceidil pháipéir na stáisiúin agus ní raibh siad ag déanamh anailís ar an ábhar craolta é féin. Sa tionscadal seo bhí muid in ann ábhar craolta a bhailiú ó gach stáisiún raidió agus teilifíse agus anailís a dhéanamh air. Tá sé sin an-tábhachtach agus an-chabhrach chun fáil amach cad atá á chraoladh ag stáisiúin i real time. Tá sé ar intinn againn na sonraí sin a bhailiú gach bliain chun go mbeidh muid in ann anailís a dhéanamh bliain ar bhliain agus treochtaí agus rudaí mar sin a aithint. Tá an chéad tuairisc ar fáil ar shuíomh an BAI. Chuaigh muid amach chuig na stáisiúin agus tá ábhar craolta bailithe againn maidir le 2020 freisin.

An cúigiú sprioc ná an próiseas freagartha a fheabhsú, monatóireacht agus tuairisciú ar an gcomhlíonadh san áireamh. Ó thaobh freagrachta de, déanaimid tuairisc an choiste comhairleach a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid bord an BAI agus bord Fhoras na Gaeilge gach bliain, chomh maith le monatóireacht agus rudaí eile a dhéanamh. Sin achoimre ghearr ar an bplean.