Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhís Craolacháin Gaeilge: Plé

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Uasal O'Keeffe. Tá cúpla ceist ghearr agam. Cuirim fáilte roimh an obair atá á déanamh ag an Aire chun airgead breise a fháil le haghaidh TG4. Tá sé an-tábhachtach i leith cúrsaí Gaeilge, gan dabht, ach tá sé tábhachtach freisin i leith cúrsaí réigiúnacha agus cúrsaí spóirt agus do léiritheoirí neamhspleácha san earnáil. Níl dóthain airgid ag TG4 fós, áfach, go háirithe nuair a chuirtear i gcomparáid le RTÉ nó leis na comhlachtaí idirnáisiúnta atá sa spás céanna é. Cad iad na pleananna atá ag an Aire le haghaidh tacaíocht bhreise do TG4?

Tá an cheist chéanna ábhartha i gcomhair Raidió na Gaeltachta. Tá sé an-tábhachtach. Tá sé anois ann le 50 bliain anuas. Caithfear níos mó cuidithe a thabhairt dó. Is an col ceathrar bocht istigh in RTÉ é i gcónaí. Caithfear tacaíocht bhreise a thabhairt dó toisc go bhfuil sé ag déanamh an-jab. Cosúil le TG4, tá sé an-tábhachtach le haghaidh na réigiún agus le haghaidh na gceantar Gaeltachta nach bhfuil aon spéis ag comhlachtaí cumarsáide eile iontu. Tá spéis ag Raidió na Gaeltachta iontu.

Tá Raidió Rí-Rá ag déanamh an-jab. Tá sé an-tábhachtach le haghaidh daoine óga ach go háirithe. An bhfuil aon phlean chun spás ar an speictream FM agus ar na hardáin dhigiteacha a chur ar fáil do Raidió Rí-Rá chun go mbeadh sé in ann fás? Beidh i bhfad níos mó suime ann i gcomhair an spáis FM.

Tuigim na figiúirí ar thug an tUasal O'Keeffe dúinn agus na tuarascálacha. Is cosúil go bhfuil bearna ann i dtaobh guth na Gaeilge ar na stáisiúin náisiúnta neamhspleácha agus ar na stáisiúin áitiúla. Luaigh sé na tacaíochtaí atá ann. Toisc na paindéime Covid, tá na stáisiúin neamhspleácha agus na stáisiúin áitiúla faoi fhíorbhrú. Cén tacaíocht bhreise atá á tabhairt ag BAI do na stáisiúin raidió chun guth na Gaeilge a chur chun cinn?