Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhís Craolacháin Gaeilge: Plé

Mr. Michael O'Keeffe:

Thar ceann Údarás Craolacháin na hÉireann, is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach, an Teachta Ó Snodaigh, as an gcuireadh teacht i láthair an choiste. Is mise príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, agus tá mo chomhghleacaí, Fionnuala Murphy, ag glacadh páirt liom inniu. Tá mise chun an ráiteas tosaigh a léamh amach agus tar éis sin beimid sásta na ceisteanna atá ag na baill a fhreagairt.

I dtosach, baineann an chéad pháirt den ráiteas leis na freagrachtaí ghinearálta atá ag an Broadcast Authority of Ireland, BAI. Leagadh amach san Acht Craolacháin, 2009 dualgais Ghaeilge ar Údarás Craolacháin na hÉireann, an BAI, agus ar a choistí reachtúla go gcuiridís rompu forbairt clár agus seirbhísí craolacháin Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh. Chun an cuspóir seo a bhaint amach, leag an BAI amach ina ráiteas straitéise 2021-2023, na tiomantais atá aige chun feabhas a chur ar an méid ábhar fuaime agus closamhairc atá ar fáil i nGaeilge agus atá iomchuí ó thaobh cultúir de do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann. Is é sin ná cláir Ghaeilge den scoth a chruthú agus a chur chun chinn le béim faoi leith ar nuacht agus ar chúrsaí reatha a chur i láthair do lucht éisteachta i measc an aos óg.

Déantar iarracht na tiomantais a chur i gcrích trí raon feidhmeanna, mar shampla, ceadúnú, comhlíontacht, foghlaim agus forbairt earnála agus litearthacht do na meáin. Tacaítear le tionscnaimh clár agus cartlannú faoin scéim maoinithe craolacháin. I mí Feabhra 2019, foilsíodh plean gníomhaíochta BAI don Ghaeilge agus chuimsigh ann na tionscnaimh go léir a tugadh fúthu chun tacú le cuspóirí Ghaeilge an BAI a bhaint amach. Tá tacaíocht á thabhairt d’obair fhoireann na Gaeilge, ceathrar ball foirne lánaimseartha atá líofa nó fíormhaith sa Ghaeilge. Tá Fionnuala Murphy mar bhall den fhoireann seo. Tá an BAI freagrach as scéim Ghaeilge a fhorbairt de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla agus d’fhoilsigh muid an leagan is déanaí den scéim i mí Feabhra 2020.

Sa dara páirt den ráiteas, táimid ag caint faoi chraoltóireacht na Gaeilge, raidió agus teilifís neamhspleách, agus pobail. Leagtar amach san Acht tiomantas na seirbhísí raidió tráchtála agus pobail, agus tá siad nasctha leis an bpróiseas iarrata ceadúnaithe. Cuimsítear tiomantais na seirbhísí go léir i ráiteas beartais cláir. Tá seirbhís Ghaeilge amháin ceadúnaithe ar FM Raidió na Life agus is ar ardán digiteach a chraolann Raidió Rí-Rá. Táimid ag cíoradh an poitéinseal do sheirbhís hibrideach Gaeilge ar raidió a bheidh dírithe ar dhaoine óige.

Faoi alt 70 den Acht, leagtar amach riachtanais theoranta maidir le conraitheoirí soláthair ar theilifís tráchtála, agus níl riachtanais ar bith i gcás ábhar digiteach faoi alt 71. Mar is eol do na baill, tá oibleagáidí reachtúla ar leith ar chraoltóirí seirbhísí poiblí RTÉ agus TG4, agus athbhreithníonn an BAI iad seo ar bhonn bliantúil.

Sa pháirt dheireanach, ba mhaith liom caint faoi phlean gníomhaíochta don Ghaeilge atá curtha i bhfeidhm ag an BAI ó 2019. Tá cúig eochair-réimse cuimsithe sa phlean, is iad sin ná cláir, comhpháirtíochtaí, taighde, bailiú sonraí, agus an chuntasacht a fheabhsú. Bhí sé mar phríomhthionscnamh faoin bplean coiste comhairleach don Ghaeilge a bhunú i gcomhairle le Foras na Gaeilge. Tá raon de phríomhpháirtithe leasmhara Gaeilge ina mbaill den choiste chomh maith. Ba é sin ceann de na moltaí ón gCoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i mí Bealtaine 2019. Leagtar amach achoimre ghearr ar na réimsí gníomhaíochtaí faoi gach ceann de na cúig réimse. Tá tuilleadh sonraí, mar is eol do na baill, ar fáil sa phríomh-aighneacht.

I dtaobh an chláir in 2020, leithdháileadh 29% den mhaoiniú faoin scéim fís agus fuaime ar chláir Ghaeilge nó ar chláir dhátheangacha. Tá a fhios ag baill den choiste go bhfuil gá le 25% faoin scéim ach, in 2020, baineadh 29% amach. Maidir le comhpháirtíochtaí, maoiníodh an tionscnamh forbartha scileanna Glúin Nua as clár foghlama agus forbartha earnála BAI, maoiníodh na tionscnaimh Aerthonnta agus Eolaire leis an Oireachtas, agus maoiníodh cúrsa féinrochtana arlíne do chraoltóirí raidió i gcomhar le Gaelchultúr. Soláthraíodh maoiniú d'ócáidí meáinbhainteacha Gaeilge as scéim urraíochta BAI agus éascaíodh seimineár Idirlín i gcomhpháirtíocht le Raidió na Gaeltachta leis an gclár um litearthacht sna meáin.

I dtaobh taighde, mhaoinigh an BAI an taighde céim 3 ar úsáid na Gaeilge ar sheirbhísí raidió a rinne Dr. John Walsh as Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh. Chuir an BAI tús leis an tionscadal bailithe sonraí Gaeilge in 2020 lenar iarradh sonraí clár agus taifeadtaí ó chraoltóirí. Is é mar aidhm leis an tionscadal seo tosú ar bhonn cuimsitheach eolais a thógáil maidir le cainníocht agus raon na gclár Gaeilge nó dátheangach atá á gcraoladh thar an earnáil teilifíse agus raidió ar bhonn seachtainiúil.

Maidir leis an gcuntasaíocht a fheabhsú, cuirtear tuarascáil deireadh bliana ar fheidhmiú an phlean faoi bhráid bhord an BAI agus bhord Fhoras na Gaeilge. Tá dhá thuarascáil déanta faoin am seo. Tá an dara ceann mar aguisín leis an aighneacht atá curtha faoi bhráid an choiste. Táthar ag tabhairt faoi thuarascála agus athbhreithniú ar fheidhmíocht craoltóirí chomh maith. Mar a dúirt mé ag an tús, beidh ionadaithe den BAI sásta ceisteanna a fhreagairt faoi ní ar bith a éiríonn as na pointí ar luaigh mé ag cruinniú an choiste inniu.