Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhís Craolacháin Gaeilge: Plé

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcomhchoiste as cuireadh a thabhairt dom freastail ar an gcruinniú seo. Tá an-áthas orm labhairt le cruinniú Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge faoi chraoltóireacht trí mheán na Gaeilge.

Mar is eol don choiste, tá an tAire Stáit, an Teachta Chambers, freagrach as an nGaeltacht agus pobal labhartha na Gaeilge go ginearálta. Labhair sé leis an gcomhchoiste seo go minic faoi réimse leathan ábhair a bhaineann leis an nGaeilge.

Díreoidh mise ar cheisteanna a bhaineann le craoltóireacht trí mheán na Gaeilge inniu. Ba mhaith liom a chur in iúl ar dtús go bhfuil an Ghaeilge an-tábhachtach dom go pearsanta agus i mo ról mar Aire freagrach as na meáin. Tacaíonn an chraoltóireacht lenár bhféiniúlacht mar náisiún, leis na healaíona, leis an gcultúr, leis an spórt agus, ar ndóigh, le teanga na Gaeilge.

Trí mheán na craoltóireachta, bíonn comhráite againn mar náisiún agus déanaimid teagmháil le hÉireannaigh atá lonnaithe thar sáile. Bhunaigh an Taoiseach agus mé féin Coimisiún um Thodhchaí na Meán chun aitheantas a thabhairt do thábhacht na meán. Leagamar síos téarma tagartha a aithníonn an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge sa chraoltóireacht.

Tá an Ghaeilge mar chuid lárnach de mhisean mheán seirbhíse poiblí chun muintir na hÉireann a choinneáil ar an eolas, oideachas a chur uirthi agus siamsaíocht a chur ar fáil di. Sa chomhairliúchán poiblí, fuair an coimisiún níos mó ná 800 freagra aighneachta le COMHAR, Tuairisc, Raidió Rí-Rá agus Gael Linn san áireamh.

Ina theannta sin, ghlac TG4, RTÉ, Craol agus Conradh na Gaeilge páirt i gcomhráite leis an gcoimisiún agus le ball den phobal. Cuireadh an coimisiún ar an eolas mar sin faoi na dúshláin atá roimh chraoltóireacht trí mheán na Gaeilge agus na deiseanna atá ar fáil di.

Tá an tuarascáil le cur faoi mo bhráid i mí Iúil agus tá mé ag súil leis na moltaí a bheith inti maidir leis an nGaeilge. Molaim an obair iontach atá déanta ag TG4 chun craoltóireacht trí mheán na Gaeilge a thabhairt chun cinn. Tá a réimse leathan cláir, a chur chuige Súil Eile agus an úsáid a bhaineann sé as teicneolaíocht ina gceannródaíocht thar cionn.

Freastalaíonn sé ar an bpobal ar fad agus cuireann sé anam sa náisiún.

Bhí an-áthas orm mar sin maoiniú breise €1.9 milliún a fhógairt do TG4 i mí Dheireadh Fómhair 2020. Tugadh an maoiniú seo chun aitheantas a thabhairt don obair iontach atá déanta ag TG4 chun dul i ngleic leis na dúshláin a chuir Covid-19 roimhe le linn 2020. Ina theannta sin, cuirfidh mé maoiniú €3.5 milliún ar fáil do TG4 in 2021, ag ardú a buiséad bliantúil go €1 milliún níos mó ná an méid a mhol Údarás Craolacháin na hÉireann ina athbhreithniú cúig bliana. Ar an iomlán, gheobhaidh TG4 €40.7 milliún in 2021.

Is mise an chéad Aire chun ciste craoltóireachta na Gaeilge, a reáchtálann Fís Thuaisceart Éireann, a thabhairt chun cinn. Táim an-bhródúil as sin. Cuirfidh mo Roinnse €1 milliún ar fáil gach bliain idir 2021 agus 2023 chun ábhar Gaeilge a chruthú i dTuaisceart Éireann. Ina theannta sin, tugadh €100,000 do RTÉ agus TG4 chun a n-ábhar a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann. Tacóidh an maoiniú seo leis an earnáil léiriúcháin neamhspleách ar fud an oileáin. Cuirfidh sé ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chraoltóirí.

Tá ról lárnach ag RTÉ i gcraoltóireacht trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn. Tugann an tAcht Craolacháin ar an gcraoltóir náisiúnta réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil as Gaeilge agus as Béarla araon, a léiríonn éagsúlacht chultúrtha oileán na hÉireann ina iomláine. Gach bliain, déanann Údarás Craolacháin na hÉireann athbhreithniú ar ráiteas bliantúil na ngealltanas léirithe a leagann RTÉ síos, gealltanais i dtaca leis an nGaeilge san áireamh. Mar fhreagra ar thuarascáil an Choimisinéara Teanga in 2018, d’fhorbair RTÉ plean gnímh. Bhí sé mar aidhm ag an bplean seo líon na gclár Ghaeilge ar RTÉ a mhéadú go suntasach agus réimse clár a chinntiú. B’fhéidir gur mhaith leis an gcoiste teagmháil dhíreach a dhéanamh le RTÉ maidir le hábhar an phlean gnímh sin. Tuigim gur tháinig méadú suntasach ar chruthú cláir Ghaeilge agus uaireanta craoltóireachta trí mheán na Gaeilge in 2020.

Tá ról tábhachtach ag an raidió i sochaí na hÉireann. Léiríonn suirbhéanna ón gcomhthaighde náisiúnta ar lucht éisteachta go n-éisteann níos mó ná ceathrar as cúigear duine fásta in Éirinn leis an raidió gach lá. Le ráta muiníne 7.9 as deich, bhraith an Rialtas ar an raidió chun an pobal a choinneáil ar an eolas faoi chúrsaí le linn ghéarchéim Covid-19. Aontaím leis an Uachtarán Ó hUiginn go bhfuil tábhacht as cuimse ag Raidió na Gaeltachta do phobail na Gaeltachta, maidir leis an nGaeilge a neartú agus pobail a thacú sna ceantair sin. Fuair an stáisiún maoiniú €11.4 milliún in 2020. Ag obair in éineacht lenár gcraoltóir náisiúnta, cuireann trí stáisiún raidió eile craoltóireacht lán-Ghaeilge ar fáil do lucht éisteachta Gaeilge i bpobail áitiúla. Tá Raidió na Life ag freastal ar mhórcheantar Baile Átha Cliath ó 1993 i leith agus craolann Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Faigheann an dá stáisiún seo €240,000 gach bliain. Freastalaíonn Raidió Rí-Rá ar riachtanais éisteoirí óga agus fuair sé níos mó ná €475,000 ón Roinn ó thosaigh sé ag craoladh in 2009.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair Údarás Craolacháin na hÉireann ar phlean gnímh Ghaeilge a fhorbairt agus coiste comhairleach a bhunú. Rinne sé an obair seo i gcomhairle le Foras na Gaeilge chun tionscnaimh craoltóireachta trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn. Cuirim fáilte ar leith roimh an mbéim a chur an coiste ar an bhféidearthacht chun seirbhís Ghaeilge raidió óga a chur ar bhun, cosúil le seirbhís hibrideach dhigiteach FM.

Tugadh tosaíocht do chraoltóireacht trí mheán na Gaeilge sa scéim fuaime agus físe. Le híosmhéid 25% sa mhaoiniú tiomanta do thionscadail Ghaeilge, leithdháileadh €3.1 milliún, mar shampla, i scéim fuaime agus físe trí Údarás Craolacháin na hÉireann i leith léiriú 56 tionscadal as Gaeilge nó go dátheangach in 2019.

Labhraím leis an gcoiste seo le linn tréimhse ina bhfuil athruithe móra ag tarlú. Bunófar coimisiún na meán faoin mBille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne. Glacfaidh an coimisiún nua le feidhmeanna agus foireann Údarás Craolacháin na hÉireann, feidhmeanna a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge san áireamh. Cuirfidh bunú rialtóra nua, mar aon leis an tuarascáil atá ag teacht ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, ar ár gcumas dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn, roimh an nGaeilge agus roimh sheirbhísí closamhairc san áireamh. Mar a luaigh mé níos luaithe, táim ag súil le moltaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a léamh maidir le craoltóireacht agus meán eile trí mheán na Gaeilge nuair a chuirfear an tuarascáil faoi mo bhráid i mí Iúil. Leagfaidh sí síos treo an pholasaí do na deich mbliana atá romhainn.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom glacadh leis an deis seo chun buíochas a ghabháil le Michael O’Keeffe, a bheidh ag dul ar scor go luath, as Údarás Craolacháin na hÉireann a stiúradh agus as na 30 bliain a d’oibrigh sé i saol rialacháin na meán. Gabhaim buíochas leis an gcoiste arís as cuireadh a thabhairt dom agus athdhearbhaím arís mo thiomantas do chraoltóireacht trí mheán na Gaeilge. Táim ag súil le ceisteanna na mball a fhreagairt.