Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim buíoch díobh mar tá giota beag oibre le déanamh agus ní thógfaidh sé ach cúpla bomaite lena dhéanamh. Ag an gcruinniú príobháideach de chuid 10 Márta 2021 thug an tOllamh tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Leas-Déan in Institiúid Oideachais, Campas Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, aitheasc dúinn ar ábhar an chórais díolúine ón nGaeilge. D'aontaíomar ag an gcruinniú sin an t-aitheasc scríofa a chur ar thaifead poiblí an chomhchoiste agus é sin a dhéanamh ar ár gcéad cruinniú poiblí eile. Molaim mar sin go glacfaimid leis an t-aitheasc a chur ar bhonn poiblí inniu, go gcuirfimid é sin san áireamh i nguth iomlán i miontuairiscí an chruinnithe seo, agus go gcuirfí cóip de ar fáil ar shuíomh Idirlín an chomhchoiste seo. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Cuirfimid an cruinniú seo ar athló go dtí an 19 Bealtaine nuair a phléifimid craoltóireacht i nGaeilge leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin, agus le hionadaithe ó Údarás Craolacháin na hÉireann.