Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Ms Eimear Ní Cheallaigh:

Ar an bpointe faoi na figiúirí, is í sin an fhadhb is mó atá againn. Níl na daoine le Gaeilge againn. Rinne muid iniúchadh ar na figiúirí sin a bhí againn agus tá thart ar 240 comhalta san eagraíocht le Gaeilge líofa. Is é sin an méid a tháinig ar ais le rá go bhfuil Gaeilge líofa acu. Maidir leis an bpainéal inniúlachta Gaeilge atá againn faoi láthair, is painéal é sin a chuir muid le chéile le fáil amach cé hiad na daoine a raibh suim acu aistriú go stáisiún Gaeltachta. Cuireann muid amach fógra ar an tairseach dhá uair in aghaidh na bliana chun ceist a chur ar na comhaltaí ar mhaith leo an measúnú a dhéanamh le bheith ar an liosta seo. Chuir muid an fógra sin amach mí ó shin agus níor tháinig ach duine amháin ar ais le rá go bhfuil siad ag iarraidh an measúnú a dhéanamh agus a bheith ar an liosta chun a bheith ar dualgas i stáisiún Gaeltachta. Is í sin an fhadhb is mó atá againn agus is í sin an fáth go bhfuil muid ag breathnú ar oiliúint.

Rinne muid na cúrsaí Gaeltachta ansin ó 2011. Cuireadh ceist faoi na figiúirí. Tá os cionn 400 comhalta agus ball foirne tar éis na cúrsaí sin a dhéanamh ó 2011. Bíonn suas le 60 duine ar na cúrsaí sin. Tá an-mholadh faighte ó na comhaltaí maidir leis na cúrsaí sin. Bhí siad ar bun ar fud na tíre, i nDún na nGall, ar an gCeathrú Rua, i bPort Láirge agus ar fud na háite. Is rud é sin a rinne muid ó 2011 nuair a d'fhág Gaeleagras. Is cúrsaí gearra iad sin agus tuigfimid é sin. Is é sin an fáth go bhfuilimid anois ag breathnú ar chúrsaí ar líne le Gaelchultúr. Tá siad sin á bhforbairt faoi láthair. Is cúrsaí ar líne a bheidh ansin mar gheall ar na deacrachtaí a bhíonn ag gardaí ó thaobh sealoibre agus ragoibre agus ó thaobh na ndualgas ar fad atá orthu. Mar gheall air sin, beidh cúrsaí ar líne againn. Mar gheall go bhfuilimid ag iarraidh go mbeidh an idirghníomhaíocht sin ann freisin, táimid ag breathnú isteach ar chúrsaí lae timpeall ar na cúrsaí sin ar líne i gColáiste na nGardaí. Is iad sin na cúrsaí ar fad. Arís, tagann sé síos go dtí na figiúirí.