Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 May 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil Oifig an Choimisinéara Teanga: An Garda Síochána

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal ach caithfidh An Garda Síochána dul i ngleic leis an bhfadhb sin. Caithfear na deiseanna a chur in iúl do dhaltaí agus daoine le caighdeán áirithe Gaeilge a mhealladh isteach. Theip ar an nGarda go hiomlán maidir leis an riachtanas agus maidir leis na dualgais atá aige. Níl siad á gcomhlíonadh. Caithfidh sé a bheith cruthaitheach. Níl sé inghlactha an córas earcaíochta sin a chur ar leataobh. Caithfidh an Garda oibriú leis an gcóras sin chun daoine breise a mhealladh isteach. Níl na rudaí atá á ndéanamh faoi láthair ag obair. Tá sórt frustrachais orm agus mé ag éisteacht leis na figiúirí. Níl sé inghlactha a thuilleadh. Níl sé ag obair.