Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 16 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Roghchoiste

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leanfaidh an seisiún seo den chruinniú ar aghaidh go dtí 2.30 p.m. agus cuirfear ar fionraí é ag an am sin. Tiocfaimid le chéile arís i gcomhair an dara seisiún ag 3.30 p.m. agus leanfaidh an seisiún sin ar aghaidh go dtí 5.30 p.m. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit atá freagrach as an nGaeltacht, spórt agus cosaint, an Teachta Chambers, agus a oifigigh, Aodhán Mac Cormaic agus Micheál Ó Conaire. Is comhalta ex officioden roghchoiste é an tAire Stáit agus mar sin cuirfear san áireamh é i gcomhair an chóraim agus an liosta vótála. Gabhaim buíochas leis as a bheith i láthair.

Níl aon leithscéal faighte agam.

Meabhraím do chomhaltaí an gá cloí leis an achar sóisialta 2 m le linn an chruinnithe seo. Iarraim ar Theachtaí gan suí in aon suíochán ach amháin iad siúd atá curtha ar fáil dúinn. Mura gcloímid leis an riail seo cuirfimid isteach ar éifeacht na gcórais craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Chomh maith leis sin, iarraim ar Theachtaí a ngutháin a mhúchadh.