Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh taifead na díospóireachta ar fáil níos déanaí. B'fhéidir go gcuirfidh an Dr. Walsh nóta chugainn chomh maith ionas go mbeidh baill an choiste in ann teacht ar an méid atá le rá aige.

Is é an dara rud atá le déanamh ná féachaint ar an gcomhfhreagras atá faighte ag an gcomhchoiste. Dáileadh míreanna comhfhreagrais, Uimh. F046 go Uimh. F049, roimh an gcruinniú. Ar mhian le haon comhalta Uimh. F046 ón Teachta Chambers, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht agus as an spórt, maidir le Céim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a phlé? Bhí sraith litreacha ann idir mé féin agus an Aire Stáit. Bhí díomá air a chloisteáil go raibh cinneadh déanta ag an gcoiste gan tús a chur le Céim an Choiste den Bhille roimh 10 Nollaig. I bhfianaise seo agus chun deis a thabhairt do Theachtaí leasuithe a chur síos, d'impigh sé orainn cruinniú éigeandála den choiste a thionól an tseachtain seo ar mhaithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus le breathnú ar fhéidearthachtaí tús a chur le Céim an Choiste ar an 2 Nollaig agus é a chríochnú chomh luath in Éirinn agus is féidir ina dhiaidh sin. Níl an litir ar sheol mé ar ais chuige agam ach mhínigh mé cén fáth go ndearna an coiste an cinneadh sin ann. Chuir muid ar an eolas é an tseachtain seo caite. Bainteach leis seo, bhí muid i dteagmháil le hOifig na mBillí chun an cinneadh ar ghlac muid a chur in iúl di. Bhí an oifig sin chun fógra a eisiúint maidir leis an spriocdháta le haghaidh leasuithe. Níor deineadh é sin. Tá an t-ábhar sin oscailte má tá daoine ag iarraidh ceisteanna a chur orm faoin méid sin.