Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Mr. Micheál Ó Cearúil:

An freagra simplí maidir le conas gur féidir an 20% sin a fhás laistigh den tseirbhís ná sainchúrsaí Gaeilge a chur ar fáil laistigh de na Ranna go léir agus an téarmaíocht a bhaineann leis na Ranna ar leith a bheith mar chuid dóibh. Rinneamar é sin nuair a thosaímid amach. Sin a bhí ar siúl againn. Cé go bhfuil Gaeleagras imithe, tá dream an-mhaith tacaithe ina h-áit i nGaelchultúr. Tá leibhéil éagsúla cúrsaí ar fáil ann, déanann an eagraíocht tástáil ar inniúlacht na ndaoine chun iad a chur ar an leibhéal cóir, agus tugann sé ó leibhéal go leibhéal iad. Tá sé déanta ar bhealach an-tomhaiste ar fad. Tá an teastas Eorpach ar fáil i Maigh Nuad freisin, atá an-mhaith. Tá go leor ag tarlú ó thaobh múineadh na Gaeilge lasmuigh de na scoileanna agus tiocfaidh forbairt níos mó ar sin. Tá go leor múineadh ar fáil ar líne chomh maith, mar an sainchúrsa ar líne ag Gaelchultúr. Ceann de na rudaí gur gá níos mó béime a chur air sa Státseirbhís ná scríobh na Gaeilge. Tá cúrsa ar líne ag Gaelchultúr agus feictear dom gur gá i bhfad níos mó béime a chur ar sin. Tá daoine ann le roinnt Gaeilge nach mbeadh muinín acu ó thaobh scríobh na Gaeilge de. An dúshlán ná an mhuinín sin a thabhairt dóibh sa chaoi go mbeidh siad ábalta scríobh agus taithí a fháil ar bheith ag scríobh. Ansin beidh an Roinn mhuiníneach freisin go mbeidís in ann litreacha a chur amach thar ceann na Roinne nach mbeidh lán le botúin.

D’fhiafraigh an Teachta Ó Snodaigh faoi fhreagairt an fón. Cuirimid liosta le chéile do dhaoine istigh sa Roinn maidir le conas beannú do na daoine a ghlaonn isteach agus na nathanna sin. Aontaím go hiomlán leis an Teachta maidir leis sin. Má táimid chun an Ghaeilge a chur chun cinn, beidh gá lena leithéid sin i ngach aon chomhlacht. Tá sé éasca a leithéid a chur ar fáil. Tá sé curtha ar fáil againne laistigh den Roinn agus ag Ranna eile chomh maith. Fásfaidh na rudaí seo de réir a chéile agus beidh éifeacht charnach ann. Nuair a thosóidh an méadú sin, fásfaidh sé mar go mbeidh daoine in ann labhairt le chéile. Tiocfaidh fás agus forbairt air, fiú as a stuaim féin, má éiríonn linn céatadán áirithe a bhaint amach.