Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Mr. Micheál Ó Cearúil:

I gcead don Chathaoirleach, ní rachainn chomh fada leis sin. Tugann sé do Ranna agus do chomhlachtaí spriocanna a leagtar amach. Dírítear aird na gcomhlachtaí ar na spriocanna sin. Nuair a bhí idirbheartaíocht ar siúl idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, bhí an Roinn an-daingean go gcaithfí nithe agus caighdeáin áirithe a bheith sna scéimeanna sin. Níor thuigeamar ag an am cé chomh dian is a bhí an Roinn chun iad siúd a chur i bhfeidhm. Ba í an scéim a bhí againn an scéim tionscnaimh nó an chéad cheann a bhí againn. Is í an riail a bhí ann go gcaithfí tógáil agus forbairt a dhéanamh air sin agus nach féidir dul siar. Tá sé agus d'fhéadfadh sé sin a bheith dian.