Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacaim leis sin go huile agus go hiomlán agus chím na figiúirí a bhí curtha ar fáil ag an Roinn fiú.

Is é an dúshlán mór atá os comhair gach Roinn Stáit anois sa tréimhse atá amach romhainn ná seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Is é ceann de na spriocanna atá leagtha síos i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) úr a bheidh ag tosach sa Dáil amárach ná sprioc go mbeidh 20% d'earcaithe úra in ann seirbhís a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. An bhfuil aon dearcadh ag an Roinn maidir leis sin agus an gcuirfidh sí fáilte roimhe sin? Measaim gur sprioc ciallmhar atá ann. Ba chóir do dhuine a bhfuil Gaeilge líofa aige nó aici go mbeadh deiseanna nó sruth ar fáil taobh istigh den chóras Stáit dóibh chun fostaíocht a chur ar fáil do na daoine sin agus seirbhís a chur ar fáil chomh maith leis sin. Tá ar an Stát seirbhís a chur ar fáil agus fógraíocht a dhéanamh go bhfuil an tseirbhís sin ar fáil trí mheán na Gaeilge agus go bhfuil sé ar an leibhéal céanna agus a bheadh seirbhís trí mheán an Bhéarla. Má chuirtear litir nó ríomhphost isteach ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, ba cheart go bhfaighfear freagra i mBéarla taobh istigh de thréimhse seachtain, deich lá, nó coicís. Dá gcuirfinn litir nó ríomhphost ag an Roinn inniu, an mbeadh an freagra trí mheán na Gaeilge ar ais chugam chomh luath is a bheadh an ceann i mBéarla? Chuir mé an cheist sin ar go leor de na daoine eile a bhí os comhair an choiste cheana. Tá cúpla ceist luaite agam ansin agus bheinn buíoch má tá tuairim ar bith ag an Roinn orthu siúd.