Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas don Uasal Ó Súilleabháin as ucht an cur i láthair. Tuigim ón gcur i láthair agus ó na tuairiscí éagsúla go mbaineann a lán den eolas seo leis an Roinn féin seachas na seirbhísí éagsúla, cosúil leis na cúirteanna, an Garda, na príosúin agus mar sin de. Teastaíonn uaim díriú isteach ar chúpla ceann de na seirbhísí sin chomh maith.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom féachaint ar an bhfoireann sa Roinn agus an líon daoine a bheadh ar a gcumas a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Cén céatadán den fhoireann atá i gceist ansin? An mbíonn deiseanna ag daoine a theastaíonn uathu foghlaim, nó an mbíonn éileamh ar na cúrsaí? Feicim go bhfuil breis agus 20 cúrsa curtha ar fáil. An raibh éileamh orthu? Cén caighdeán a bhí i gceist leis na cúrsaí éagsúla? An raibh siad i gcóir tosaitheoirí nó daoine ag cur snas ar a gcuid Gaeilge? Cad go díreach a bhí i gceist ansin?

Is iad na seirbhísí éagsúla a bhíonn baint acu leis an Roinn, mar an Garda, na cúirteanna agus a leithead a bhíonn an teagmháil is mó acu leis an bpobal. Cloistear i gcónaí go dteastaíonn ó phobal na Gaeltachta cinntiú go mbeidh siad ábalta teagmháil a dhéanamh le gardaí, mar shampla, agus go mbeidh siadsan ábalta iad a fhreagairt ar ais. Nuair a d’éirigh an garda as obair i mBéal Átha an Ghaorthaidh, déanadh iarracht mhór garda nua a chur ar fáil ann a bhí breá compordach ag déanamh a ghnó as Gaeilge. D’éirigh an sergeant as obair i mBaile Bhúirne freisin. Is planned departures atá i gceist anseo agus is baolach nach bhfuil sergeant nó aon duine a bheadh ábalta a ghnó a dhéanamh as Gaeilge tagtha ina áit. Cén iarracht atá á dhéanamh maidir leis an earcú i gcóir An Gharda Síochána chun cinntiú go bhfuil daoine nua le Gaeilge ag teacht isteach san fórsa? I measc an phobail istigh sa Gharda, an gcinntítear go mbíonn deiseanna acusan ardú suas trí na céimeanna, na promotions a fháil agus dul ó gharda go sergeant agus a leithead? An bhfuil an Ghaeilge á úsáid mar chonstaic nó mar dheis chun daoine a thabhairt chun cinn? An bhfuil go leor daoine ann atá in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus freastal ar mhuintir na Gaeltachta? Tá bearna i gceantar Gaeltachta Mhúscraí, áit nach bhfuil sergeant fós. Ní fheadair b'shin toisc nach bhfuil an Garda ábalta sergeants nua a roghnú nó toisc nach bhfuil daoine le Gaeilge ann. Nílim cinnte. B’fhéidir go léireoidh an tUasal Ó Súilleabháin na spriocanna atá leagtha síos maidir leis an earcú, daoine nua ag teacht isteach sa Gharda agus dul chun cinn laistigh den fhórsa.