Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Mr. Donncha Ó Súilleabháin:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as an bhfáilte sin a chur romhainn. Tá mé ag obair mar rúnaí cúnta sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais i mbun cúrsaí corparáideacha na Roinne. Cé go bhfuil sé i gceist agam an ráiteas oscailte seo a léamh as Gaeilge, le cead an Chathaoirligh beidh orm aon cheist a chuirfear orm a fhreagairt as Béarla den chuid is mó. In éineacht liom anseo, tá an Dr. Micheál Ó Cearúil, a oibríonn mar aistritheoir Gaeilge agus mar fhorbróir tionscadal Gaeilge sa Roinn. Is i nGaeilge a fhreagróidh sé aon cheist a chuirfear air. Sa bhliain 2017, nuair a d'fhreagraíomar na ceisteanna go léir a bhí sa cheistneoir ón gcomhchoiste seo maidir leis an Roinn agus leis an nGaeilge, bhraitheamar go raibh orainn na freagraí sin a iomlánú agus a chomhthéacsú i bhfoirm litreach. Sheolamar an litir sin ar ais chuig Cathaoirleach an choiste in éineacht leis an gceistneoir comhlánaithe. Tugadh cóip den litir sin don choiste an tseachtain seo caite mar chuid den ráiteas tosaigh i scríbhinn a d'iarr cléireach an choiste orainn a chur ar fáil roimh theacht os comhair an choiste dúinn anseo um thráthnóna. Chuireamar in iúl sa litir sin go dtagrófar sa ráiteas oscailte seo ó bhéal d'fhorbairtí atá tagtha ar chúrsaí ó thugamar an cuntas sin an chéad uair.

Faoi mar a luadh sa ráiteas tosaigh a chuireamar ar fáil roimh an gcruinniú seo, is é an beart is mó atá déanta agus atá á dhéanamh ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ó thaobh na Gaeilge de ná leagan oifigiúil Gaeilge de rialacha cúirte an Stáit a chur ar fáil.

Ó chuir muid an ceistneoir comhlánaithe ar ais ag an gcoiste seo, tá an leagan oifigiúil Gaeilge den tríú mórbhailiúchán de na rialacha cúirte foilsithe againn. Sin an t-ollcnuasach de rialacha na n-uaschúirteanna ina bhfuil breis agus 1,000 leathanach. Ó ar thug an Roinn faoin leagan oifigiúil Gaeilge de na rialacha cúirte a ullmhú chun é a chur i gcló i 2003, tá na bailiúcháin mhóra de na rialacha cúirte dúiche, na rialacha cúirte cuarda, agus rialacha na n-uaschúirteanna foilsithe ag an Roinn, mar aon leis an chuid is mó de na leasuithe orthu. Táimid tar éis dul céim níos faide leis na rialacha Gaeilge. Le cabhair airgid ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, tá téarmaíocht na bailiúcháin mhóra sin agus roinnt de na leasuithe curtha ar fáil don phobal i gcoitinne, sé sin, Gaeilgeoirí nach mbeadh mórán spéise acu sna rialacha cúirte féin. Tá téarmaí bailithe as na rialacha ag Fiontar agus scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus curtha ar fáil i bhfoclóirí leictreonacha atá á riar acu.

Tá an Roinn fhreagrach as an gcoiste comhairleach um théarmaí dlíthiúla Gaeilge. Tá an Príomh-Bhreitheamh, an tUasal Frank Clarke, mar chathaoirleach ar an gcoiste sin agus tá an Roinn fhíorbhuíoch dó as ucht leanúint ar aghaidh mar chathaoirleach tar éis dó a bheith ceaptha ina Phríomh-Bhreitheamh. Ó cuireadh an ceistneoir comhlánaithe ar ais ag an gcoiste seo, tá athbhreithniú faoi lán seoil ar an téarmaíocht Gaeilge a leagadh amach sa deichiú hordú de théarmaí dlíthiúla Gaeilge, a rinneadh thart ar lár na haoise seo caite agus a cuireadh ar fáil sa bhailiúchán ar a bhfuil an teideal acadúil "Téarmaí Dlí".

Maidir leis an nGaeilge i gcoitinne sa Roinn, chuireamar níos mó ná 20 cúrsa Gaeilge ar siúl laistigh den Roinn ó cuireadh tús lenár scéim tionscnamh Gaeilge i 2006. De thoradh ar sin, bhíomar ábalta go leor oifigigh a fháil chun dul ar phainéal d’oifigeach a d’fhreagródh ceisteanna ó bhaill den phobal gur mian leo a ngnó leis an Roinn a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Mar a luadh sa litir a chuireamar chuig an gCathaoirleach, bhí os cionn 40 oifigeach ar an bpainéal sin. Tá struchtúr baill foirne na Roinne athruithe ó bhun le míonna beaga anuas, agus nuair atá na hoifigigh socruithe síos ina réimsí nua oibre faoi thús an tsamhraidh, tá sé i gceist ag an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an bpainéal sin.

Roimhe sin beidh ócáid mhór Gaeilge ar siúl againn sa Roinn chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge, mar atá déanta againn gach aon bhliain le breis agus deich mbliana anuas. Tugann an ócáid bhliantúil sin deis don fhoireann Gaeilge a labhairt lena chéile agus í a chloisteáil. Tá an ócáid cheolmhar sin, a bhíonn ar siúl ag am lóin uair sa bhliain, ar cheann de mhórimeachtaí fhéilire na Roinne. Freastalaíonn go leor oifigigh ar an gceiliúradh go féiltiúil gach aon bhliain. Cuireann an ócáid leis an mheon fíor-dhearfach atá sa Roinn i leith na Gaeilge. Beidh an chéad ócáid eile ar siúl ar 12 Márta i gceannáras na Roinne ar Fhaiche Stiabhna. Tá míle fáilte roimh an gCathaoirleach agus aon bhaill eile den choiste gur mian leis nó léi dul ann.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus beimid breá sásta aon cheisteanna a fhreagairt.