Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle faoin dul chun cinn atá déanta ag Institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir le maolú na Gaeilge a laghdú de réir a chéile.

Ms Eimear Ní Bhroin:

Mar a bhí á rá agam ag an tosach, mar a tharlaíonn san ionadaíocht sula raibh dlí i gceist in aon chor, toisc go raibh daoine le Gaeilge ag cur ceisteanna ar ionadaíocht an Choimisiúin anseo in Éirinn, cuireadh stuif ar fáil ar an suíomh gréasáin ach go háirithe san ionadaíocht, agus bhí leabhrán againn sula raibh an dlí seo fiú i gceist. Tá iarracht déanta againn a bheith in ann freagra a thabhairt ar an éileamh seo atá ann. Tá sin déanta againn sular shroicheamar pointe an rialacháin seo. Is cinnte go bhfuil an rialachán féin ar an rud is tábhachtaí atá le déanamh ag an tseirbhís aistriúcháin, ach tá siad de shíor ag cinntiú go bhfágtar spás do rudaí mar sin, agus b'shin an fáth gur luaigh mé an leabhrán sin mar shampla, mar má tá na rudaí sin ar fáil as Béarla caithfidh go bhfuil iarracht ann na rudaí seo a chur ar fáil as Gaeilge chomh maith.

Níl taighde déanta go beacht againn. Nílimid tar éis ceist a chur ar dhaoine. Ag an am céanna, diaidh ar ndiaidh táimid ag cur le rudaí. Nuair atá éileamh an-mhór ar rudaí as Béarla, mar shampla, sin iad na rudaí atá in úsáid arís agus arís eile ar an suíomh Idirlíon agus táimid ag iarraidh a dhéanamh cinnte de mar sin go bhfuil siad ar fáil i nGaeilge chomh maith. Ní féidir linn gach rud a aistriú láithreach. Táimid ag obair air, mar a fheiceann na baill, ach tá an-chuid dul chun cinn le déanamh fós. Ag an am céanna, táimid de shíor ag faire ar cad atá in úsáid, agus nuair a chuirtear ceist orainn, déanfaimid cinnte de go bhfuil an méid gur féidir linn a chur ar fáil a úsáideann an pobal á chur ar fáil as Gaeilge. Tá an-chomhobair le Rannóg an Aistriúcháin mar tá obair á déanamh aici taobh amuigh den stuif eile.