Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Bille tábhachtach. Tá an straitéis 20 bliain don Ghaeilge tábhachtach. Tá an mórphictiúr i bhfad níos tábhachtaí agus is é sin an fhadhb. Tá an t-uafás tuarascálacha foilsithe againn mar choiste de bharr ár gcuairteanna ar fud na tíre. Is fiú breathnú ar na téamaí céanna a tháinig chun cinn arís is arís eile. Tá sé thar a bheith soiléir dúinn mar choiste go bhfuil géarchéim ann. Aontaím agus is dócha go n-aontaíonn baill an choiste go bhfuil géarchéim ó thaobh na Gaeilge de sna Gaeltachtaí, in ainneoin an pholasaí iontaigh a d'fhoilsigh an Rialtas agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tá a fhios agam go bhfuil cruinniú eile ag an Aire Stáit ar 5.15 p.m., ach ba mhaith liom díriú isteach arís ar an mBille. Is é an pointe atá á dhéanamh agam ná go bhfuil gá le coiste ar leibhéal eile leis an Taoiseach i gceannas air chun ceannaireacht a thaispeáint agus chun an ghéarchéim a aithint, chomh maith leis an gcoiste stiúrtha ó thaobh an phlean gníomhaíochta de atá ann.

Maidir leis an mBille seo, tá sé ag díriú isteach go mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge ag 20% de fhostaithe nua i ngach post. Maidir leis an gcóras inmheánach, céard atá i gceist ag an Aire Stáit maidir leis na daoine atá ann a bhfuil Gaeilge acu nó nach bhfuil Gaeilge acu ach a bhfuil sásta í a fhoghlaim? Cén sórt plean gairme atá ag an Roinn do na daoine sin mar ní féidir an Ghaeilge a chur chun cinn ag brath ar an 20% de réir a chéile? Tá a fhios againn go mbeidh fadhbanna ann. Is iontach an teoiric é ach tá gá le réitigh eile. Tá na daoine atá laistigh den chóras thar a bheith tábhachtach. Níl bealach gairme os comhair na ndaoine a bhfuil ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid. Tá gá le réitigh i ngach uile áit.

B'fhéidir gur bean shoineanta mé, ach tá airgead ag dul ar ais go dtí an Státchiste de bharr nach bhfuil sé caite ag Foras na Gaeilge. An féidir an t-airgead sin a thabhairt, le Vóta ón Dáil, do na heagraíochtaí atá ag streachailt ar an talamh?

Críochnóidh mé leis an bpointe seo faoi na tuarascálacha atá foilsithe againn mar is fiú breathnú orthu. Mar shampla, is iontach go bhfuil síneadh i gceist ó thaobh tuilleadh seachtainí maidir le scéim na gcúntóirí teanga. Is é an rud atá á lorg ag chuile dhream ar an talamh ná go mbeadh an scéim sin ag feidhmiú ar feadh na bliana mar nach bhfuil aon chinnteacht go mbeidh airgead á fháil ag na cúntóirí teanga ar feadh na bliana.