Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Más buan mo chuimhne, bhí sé seo ar an liosta A a foilsíodh. Tá a fhios agam go raibh sé ag Príomh-Aoire an Rialtais cúpla uair cheana. Mar sin, bhí sé geallta mar is é sin an liosta a chuireann an Rialtas ar fáil le geallta an reachtaíocht a bheas le foilsiú sa téarma sin. Ar nós gach uile bhall eile, fáiltím go bhfuil sé le foilsiú faoi dheireadh. Ar ndóigh, nuair a bhaineann an tAire Stáit a chaipín mar Aire Stáit sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus nuair a chuireann sé air a chaipín mar Phríomh-Aoire, beidh deis aige déanamh cinnte de go bhfaighidh sé tosaíocht sa Dáil. An bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas go mbeadh sé seo críochnaithe leis An Dara Céim sa Dáil roimh bhriseadh na Nollag? An rud atá ann ná go bhfuil ráite ag an Taoiseach go mbeidh toghchán i mí Bealtaine seo chugainn. Má táimid ag dul ag achtú an Bille seo tríd an Dáil agus an Seanad roimh dheireadh na Dála seo beidh orainn fíor-dheifir a dhéanamh agus beidh orainn fíor-dheifir a dhéanamh nuair a thiocfaidh sé ar Chéim an Choiste agus gan dul timpeall arís agus arís eile faoi. Tá mé cinnte nach mbeidh muid go hiomlán sásta leis an méid a bheas ann ach is fearr an rud atá ar fáil anois a chur tríd ná gan rud ar bith a bheith againn tar éis ceithre bliana. Bheadh mise ag impí ar gach uile dhuine a dhéanamh cinnte go n-éireoidh linn a bheag nó a mhór leis an méid atá i gceist anseo.

Ar ndóigh, is í conspóid an lae inniu ná nach mbeidh muidne in ann leasuithe a chur síos a chuireann costas ar an Stát ar aon chaoi. Mar sin, beimid fágtha sa chaoi gur féidir linn iarraidh arrudaí breise a dhéanamh ach glacaim leis go bhfuil an tAire tar éis dul chomh fada agus atá i gceist aige dul. Mar sin, is fearr do chuile dhuine againn dul ar aghaidh anois agus gan tuilleadh moille a dhéanamh. Tá an chéad chuid faoin Aire Stáit mar is é an Príomh-Aoireagus beidh sé in ann é a chur ar bharr an liosta tosaíochta ag an Rialtas. Ní thógfaidh sé an oiread sin ama ar an Dara Céim sa Dáil. Tá brón orm faoi sin mar ní fheicim liosta mór Teachtaí ag seasamh suas ag labhairt faoin mBille seo leis an fhírinne a insint. Tá súil agam go gcruthófar mícheart mé agus go mbeidh scuaine mór millteach ag iarraidh labhairt air ach beidh mé ag fanacht. Ansin, tá sé suas fúinn istigh sa choiste anseo, tá sé faoin Aire Stáit a bheith ar fáil chun é a phlé agus tá sé fúinn go léir é a chur ar ais go dtí an Dáil agus é a chríochnú agus a achtú. Ar a laghad beidh rud éigin bainte amach againn roimh dheireadh théarma na Dála seo.

Tagraím don straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Ag breathnú ar an mórfheachtas faoin mbliain 2022, beidh sé 12 bliain ó cuireadh ann don straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Cuireadh ceist orm go macánta an bhfuil mórán dul chun cinn déanta ag an nGaeilge sa tír seo ó foilsíodh an straitéis ag deireadh 2010. Sin naoi mbliana ó shin seachas 12, ach tá plean ann don trí bliana amach romhainn freisin. Déarfainn nár déanadh dul chun cinn, cé gur déanadh rudaí áirithe. Molaim an polasaí oideachais Gaeltachta agus na pobail atá ag tabhairt faoi phleanáil teanga. Ní chuirtear ach méid beag airgid ar fáil do phleanáil teanga, agus goideadh cuid de sin ó rudaí eile a bhí á dhéanamh sa Ghaeltacht. Ní féidir a rá go fírinneach go ndearna an Rialtas aon iarracht mhór nó gur tharlaigh borradh mór sa Ghaeilge dá bharr. Ní bheidh aon fhás ceart ar an nGaeilge gan iarracht mhór ón Rialtas. Tá mé buartha faoi sin.

Bhí mé ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar maidin agus bhí daoine ag caint faoi chiorruithe in RTÉ. Tá ráflaí ann go mbeidh ciorruithe le déanamh ar an soláthar bídeach atá ag Raidió na Gaeltachta. D’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga tuarascáil faoin méid atá á dhéanamh ag RTÉ maidir leis an nGaeilge, go mór mór ar an teilifís. Níl mórán ar bun ó thaobh an raidió de, agus ó thaobh Raidió na Gaeltachta, feictear domsa nár tháinig aon fhorbairt ar an stáisiún le deich mbliana anuas. Níor cuireadh raidió na n-óg náisiúnta ar fáil riamh. Shílfeá go mbeadh dualgas ar an gcraoltóir náisiúnta cinntiú go dtarlódh sé sin. Bhí sé sin agus go leor rudaí eile luaite sa straitéis. Feicim rudaí ar gach leathanach den straitéis nach bhfuil á dhéanamh níos mó nó nach bhfuil sé i gceist a dhéanamh. Mar sin, ní dóigh liom go bhfuil an dearcadh chomh sláintiúil sin ó thaobh na Gaeltachta de. Is trua liom é sin a rá, ach sin an mothú atá agam.

Luafaidh mé rud amháin eile. Aontaím nach fiú reachtaíocht a scríobh mura gcuirtear i bhfeidhm í. Tá sé éasca reachtaíocht uaillmhianach a scríobh, ach mar a chonaic muid cheana, tá nós ag eagraíochtaí rudaí a dhéanamh leis an nGaeilge nach ndéanfar le haon earnáil eile, agus tabharfaidh siad neamhaird ar rudaí nach bhfeileann iad. Caithfear gach foráil den Acht a chur i bhfeidhm ó thaobh na hearcaíochta de. Níl aon mhaithe ansin mura bhfuil na gnéithe eile ar fáil freisin, sé sin, ionaid scoile trí Ghaeilge atá ar ardchaighdeán. Is gá córas earcaíochta do na cúrsaí tríú leibhéal agus ollscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fáil. Níl a dhóthain ann sa mhéid suarach atá ar fáil i lár na huaire, idir NUIG agus an méid beag atá ag Fiontar i DCU. Caithfidh na poist a bheith ann agus caithfidh gach rud a bheith ceangailte. Tá an ceart ag an Aire Stáit maidir leis sin. Ní mór a thaispeáint do dhaoine óga atá ag fágáil na scoile go bhfuil deiseanna dochreidte ann ó thaobh na Gaeilge de mar ghairm i réimsí na cumarsáide, sna seirbhísí poiblí agus mar sin de. Aontaím leis an Aire Stáit go gcaithfear é sin a chur ar a súile. Chomh maith leis sin, caithfidh rogha cúrsaí a bheith acu freisin. Ní fhéadfaimid a bheith sásta le cúrsa amháin nó péire trí Ghaeilge. Caithfidh rogha cúrsaí a bheith ar fáil, agus caithfidh deis a bheith ag daoine Gaeilge agus leigheas, innealtóireacht, nó ailtireacht a staidéar, chun go mbeidh daoine cáilithe sna gairmeacha éagsúla leis an Ghaeilge acu go foirfe.

Tá sé ráite agam go minic gur eisceacht amach is amach sa tír seo an duine nach mbíonn Gaeilge aige nó aici ag 22 bliain a thugann an Ghaeilge leis nó léi go foirfe ina dhiaidh sin. Tá daoine ann agus tá aithne agam ar chuid acu, ach ní rud coitianta é. Tá na ranganna Gaeilge do dhaoine fásta sna seirbhísí poiblí go deas dóibh siúd ach ní chuireann sé aon seirbhís ar fáil. Is rud deas é agus go gcuireann siad eolas ar a dteanga féin, ach níl maitheas ar bith ag baint leis ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil sa teanga sin. Níl mórán daoine feicthe agam a d’éirigh leo caighdeán sách ard a bhaint amach trí ranganna mar sin chun seirbhísí laethúil a chur ar fáil trí Ghaeilge.