Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé sa ráiteas tosaigh, beidh an próiseas earcaíochta i gcroílár an Bhille. Má bhreathnaíonn an Teachta ar an méid atá déanta againn ó thaobh an mhaolaithe don teanga san Eoraip, tá dul chun cinn suntasach tagtha ar na huimhreacha le cúpla bliain anuas, mar shampla, mar gheall go bhfuil daoine ar an eolas agus mar gheall go gcreideann daoine go bhfuil rudaí ag tarlú, go bhfuil poist ar fáil agus go bhfuil obair déanta ag na feidhmeannaigh i mo Roinn agus ag Conradh na Gaeilge trí scéimeanna atá curtha ar aghaidh ag mo Roinn chun daoine a chur ar an eolas faoi. Mar shampla, tá seó bóthair ina bhfuil daoine ag dul thart go dtí na scoileanna chun na gasúir a chur ar an eolas faoi na deiseanna a bheas san Eoraip. Beimid ag déanamh an rud céanna ó thaobh an phróiseas earcaíochta de ionas go mbeidh cinnteacht go mbeidh daoine ar fáil. Beidh orainn go léir déileáil leis an gceist sin. Má tharlaíonn sé i rith na bliana nua go mbeidh 20% de na postanna ar fáil do dhaoine atá líofa sa Ghaeilge, an mbeidh na daoine sin ar fáil? Sin an cheist. Beidh obair le déanamh agus tá obair ag dul ar aghaidh. Tar éis an méid díospóireachta faoin ábhar seo, sílim go bhfuil daoine ar an eolas. Beidh obair le déanamh ag an Roinn agus ag eagraíochtaí Gaeilge chun daoine a chur ar an eolas faoi na deiseanna a bheas ar fáil. Beidh sé soiléir sa Bhille nuair a mbeidh sé foilsithe ach tá sé i gcroílár an phlean.