Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar Aire Stáit le freagracht don Ghaeilge, na Gaeltachtaí agus na hoileáin, cuirim fáilte roimh an deis seo labhairt leis an gcoiste maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 agus ábhair éagsúla eile a bhaineann leis an Ghaeilge.

Mar is eol don choiste, is iarracht í an Bille seo, trí na ceannteidil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Mar chúlra, leagadh na ceannteidil faoi bhráid na baill ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus d’fhoilsigh an coiste tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo roimh shamhradh 2018. Tá an tuarascáil sin scrúdaithe ag mo Roinn i gcomhthéacs dhréachtú an Bhille. Ina theannta sin, cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara lena n-áirítear Ranna Stáit, an Coimisinéir Teanga, Conradh na Gaeilge agus an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí. Sa tráchtaireacht a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga ar chóras na scéimeanna teanga in 2017, nótáil an coimisinéir an iliomad laigí i gcóras na scéimeanna teanga. I measc na príomh-mholtaí a rinne an Coimisinéir Teanga, bhí siad seo a leanas: polasaí úr earcaíochta a chinnteodh íosmhéid foirne le cumas Gaeilge; caighdeáin chomónta i ndáil le seirbhísí trí Ghaeilge nach mbeadh bunaithe ar chóras na scéimeanna teanga; agus nasc a chothú idir phleanáil teanga agus cearta teanga lena chinntiú go mbeadh Gaeilge líofa ag oibrithe Stáit sa Ghaeltacht. Ba chóir a nótáil go mbeidh gach ceann de na trí mholadh seo a rinne an Coimisinéir Teanga san áireamh sa Bhille nua atá á dhréachtú faoi láthair.

Creidim féin agus creideann an Rialtas go láidir go mbeidh córas na gcaighdeán i bhfad níos láidre ná córas na scéimeanna agus beidh beartais bhreise sa Bhille chun cabhrú leis na heagraíochtaí Stáit a gcuid dualgas a bhaint amach. Sa Bhille nua seo, beidh sé mar ollchuspóir go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge, agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is í an earcaíocht croílár na ceiste agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa Státchóras agus, ag eascairt as sin, go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir. Tá oifigigh mo Roinne ag obair go dlúth i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) a dhréachtú. Is Bille casta é agus tá athbhreithniú bunúsach ar an gcur chuige maidir leis an nGaeilge san earnáil phoiblí a chosaint, a neartú agus a chothú ag baint leis. Cé go bhfuil sé casta mar ábhar, táim ag súil go mbeidh sé foilsithe go han-luath sna seachtainí seo romhainn.

Ba mhaith liom freisin, aird an choiste a dhíriú ar chúpla píosa oibre fíorthábhachtach eile atá muid ag cur i gcrích faoi láthair. Mar atá ráite agam cheana, tá dualgas ar an Rialtas timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid. Tá na deacrachtaí atá ag daoine ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís phoiblí trí mheán na Gaeilge, ach nár éirigh leo sin a dhéanamh de bharr nár tugadh liosta na gcomhlachtaí poiblí atá ag teacht faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nuashonraithe ón mbliain 2006, tugtha ar aird go leanúnach ag an gCoimisinéir Teanga. Tá ríméad orm go bhfuil dréacht-rialacháin ullmhaithe, le cúnamh ó Oifig an Ard-Aighne, tar éis comhairliúchán fada le Ranna agus le comhlachtaí poiblí eile. Cuirfidh na rialacháin sin ar ár gcumas liosta na gcomhlachtaí poiblí atá faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a nuashonrú, trí thagairtí do chomhlachtaí poiblí a bhfuil deireadh tagtha leo nó atá dulta in éag ó rinneadh na rialacháin in 2016 a scriosadh, agus trí chomhlachtaí poiblí nua a thabhairt faoi raon feidhme an Achta. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste as ucht na dréacht-rialacháin sin a cheadú, tar éis iad a bheith faomhadh ag an Rialtas, agus an próiseas sin a bhrú chun cinn. Tá glactha ag an dá Theach leis na dréacht-rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2019 agus tá mo chuid oifigigh ag déanamh na socruithe cuí anois le go mbeidh mé in ann na rialacháin sin a dheimhniú.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus go háirithe faoin bplean gníomhaíochta don tréimhse 2018 go 2022 a foilsíodh anuraidh. I mbeagán focail, is ionann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus polasaí an Stáit i leith na Gaeilge agus is ionann an plean gníomhaíochta agus mapa bóthair ina ndéantar rianú beacht ann faoin méid a dhéanfaidh an Stát go ceann cúig bliana don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is sa phlean gníomhaíochta a leagtar amach cad atá beartaithe a dhéanamh sa tréimhse go 2022 chun tuilleadh cúraim a dhéanamh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht mar a bhaineann sé leis na naoi réimse gnímh faoi leith atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Ag croílár an phlean gníomhaíochta, tá na bearta comhaontaithe a leagtar amach ann. Tá breis agus 180 díobh ann, a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le os cionn 60 páirtí leasmhar. Ag cruinniú den choiste stiúrtha an tseachtain seo caite, pléadh dréacht den chéad tuairisc bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm an phlean gníomhaíochta. Sa tuairisc seo, cuimsítear an tréimhse ó Iúil 2018 go Meitheamh 2019. Cé nach bhfuil an plean ar an saol ó mhí Mheithimh anuraidh, tá dul chun cinn suntasach déanta cheana féin lena chur i bhfeidhm agus tá súil agam go mbeidh an tuairisc seo réidh le foilsiú an mhí seo ar mhaithe leis an dul chun cinn sin a léiriú.