Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 22 October 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Díolúine ó Staidéar na Gaeilge: Plé
Professor Pádraig Ó Duibhir:
Sea. Tá muid ag ceistiú an dteastaíonn díolúine ón méid sin. Fiú deir an Roinn nár chóir díolúintí a thabhairt ach i gcásanna annamha agus eisceachtúla, ach dár linne, níl sé annamh agus eisceachtúil má tá an ráta díolúintí ag 11%. Ba cheart dó a bheith níos gaire do 2% nó 3%, is é sin do na páistí atá deacrachtaí foghlama tromchúiseacha acu. Bhí alt ar Tuairisc.iele déanaí maidir le ceisteanna a chur an Irish National Teachers' Organisation, INTO, ar an Roinn Oideachais agus Scileanna ag lorg soiléiriú ar roinnt pointí. Is léir go bhfuil tuismitheoirí ag dul chuig príomhoidí faoin ábhar seo, agus ní thugann an ciorclán mórán sonraí dóibh, nó ní chabhraíonn sé leo treoir a thabhairt dóibh agus na ceisteanna sin a fhreagairt. Ní féidir linn a rá an bhfuil níos mó de sin i gceist, ach tá tuismitheoirí ag dul chuig príomhoidí ag lorg díolúintí dá bpáistí agus tá na príomhoidí i bponc mar nach bhfuil go leor eolais nó treoir acu. Tá siad ag éileamh ar Chumann Múinteoirí Éireann seasamh ar a son.