Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 22 October 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Díolúine ó Staidéar na Gaeilge: Plé

Professor Máirín Nic Eoin:

Tá na bunfhadhbanna a d'aithin muid leis an bpróiseas agus leis an gcóras aitheanta agus pléite go mion sa tuarascáil taighde a chuir cigirí na Roinne Oideachais agus Scileanna le chéile. Istigh ansin, tá fianaise ó phríomhoidí agus tá fianaise ag na síceolaithe atá agus a bhí fostaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus a bhí mar chuid den chóras roimhe sin. Dá bhrí sin, dá bhféadfadh an t-athbhreithniú a dhéanann an Roinn ar chur i bhfeidhm an rud seo díriú go sonrach ar na gnéithe sin, bheadh sé sin ina chuidiú. Mura ndéanfar an rud a aistarraingt, dá mbeadh stádas píolótach fiú ag na ciorcláin leasaithe, ba fheabhsú éigin é sin agus b'fhéidir go mbeadh sin ina chéim chun tosaigh. Go hidéalach, ba mhaith linne go mbeadh diancheistiú á dhéanamh ar choincheap na díolúine féin, agus bhí sin mar argóint láidir inár n-aighneacht chuig an Roinn.

Chomh maith leis na ceisteanna a bhaineann leis seo do na páistí atá i gceist a fhaigheann díolúine, tá an-dochar á dhéanamh ag córas na ndíolúintí d'íomhá na Gaeilge mar ábhar sa scolaíocht trí chéile. Arís, sin rud a d'aithin na cigirí sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá sé mar chuid den tuarascáil taighde acu agus tá sé ráite ag na síceolaithe de chuid an National Educational Psychological Service, NEPS, a bhí rannpháirteach sa taighde sin. Tá rudaí tromchúiseacha ann maidir leis an gcuraclam agus maidir leis an ngaol idir pholasaí ionchuimsithe an Stáit seo i gcúrsaí oideachais agus polasaí curaclaim agus ionad na Gaeilge mar chuid den pholasaí curaclaim sin.