Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 22 October 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Díolúine ó Staidéar na Gaeilge: Plé

Dr. Colin Flynn:

Ceart go leor. Tagraím do na cúinsí speisialta ar a mbronnfar díolúintí ón staidéar ar an nGaeilge. Deirtear go bhfuil deacrachtaí ag baint leis an fhoclaíocht atá sa chiorclán mar atá faoi láthair. Luaigh an tOllamh Nic Eoin ceist na haoise, agus is 12 bliana d'aois atá luaite ansin mar aois ar leith. Má fhaigheann duine oideachas taobh amuigh den tír suas go dtí an aois sin, bheadh sé nó sí i dteideal díolúine. Tagraím don taighde a bhaineann le ceist na haoise agus foghlaim teangacha breise. Ní léiríonn an taighde sin go mbíonn buntáiste ar bith ag páistí óga a fhoghlaimíonn teanga faoi 12 bliana d'aois nó ag aon aois ar leith.

I ndáiríre, i gcomhthéacs na scolaíochta, léiríonn an taighde go bhfuil buntáiste ag páistí atá níos sine de bharr go bhfuil forbairtí cognaíoch níos forbartha acu agus go bhfuil scileanna cognaíoch níos forbartha acu. Cuidíonn sé sin leo dul i ngleic leis an gcineál teagaisc agus an cineál foghlama a tharlaíonn taobh istigh den seomra ranga. In ainneoin gur dul chun cinn é an t-ardú a tháinig ar an aois atá luaite leis an chritéir sin, ar an iomlán níl bunús le haois ar leith a bheith luaite ansin.

Anuas air sin, tagraím don tréimhse trí bliana amuigh den tír a luaigh an tOllamh Nic Eoin. Arís, níl aon mhíbhuntáiste, ag brath ar an aois a tharlaíonn sé, ag baint le teacht ar ais ag an churaclam Gaeilge i ndiaidh na haoise sin nó i ndiaidh na tréimhse sin.

Tá na critéir a bhaineann leis na deacrachtaí foghlama níos casta agus níos conspóidí arís. Tá cuid den fhoclaíocht atá sa chiorclán mar atá doiléir agus lom. Mar shampla, luaitear go gcaithfidh cruthúnas a chur ar fáil go raibh deacrachtaí ar leith ag an dalta thar am nó "over time" atá luaite sa leagan Béarla. Ní luaitear cé chomh fada agus ba cheart go mbeadh na deacrachtaí sin ag an dalta nó cé chomh fada agus a bheadh an taifead ar na deacrachtaí sin. Luaitear deacrachtaí a bhaineann le litearthacht agus teanga i nGaeilge nó i mBéarla agus d'fhéadfadh sé sin deacrachtaí a chruthú freisin, mar arís sa litríocht taighde, ní léir go mbíonn baint ag scileanna teanga sa chéad teanga le scileanna foghlama an dara teanga. Luaigh mé go bhfuil cuid den fhoclaíocht seo lom.

Ní leor trí phointe le hurchar le cur síos a dhéanamh ar an gcineál taifid gur gá a choinneáil. Luann sé, mar shampla, athbhreithniú ar riachtanais fhoghlama an dalta. Cén cineál próiseas athbhreithnithe atá i gceist? Níl sé luaite. Anuas air sin, deireann sé gur cheart aidhmeanna nó cuspóirí a leagan amach don dalta. Níl aon phlé sa chiorclán ar cén cineál cuspóirí gur ceart a leagan síos. Anuas air sin ar fad, mar a luaigh an tOllamh Nic Eoin ansin, ceann de na deacrachtaí is mó a bhaineann leis an phróiseas seo ná, i gcomhthéacs an chiorcláin nua agus i gcomhthéacs na dtreoracha nua, go dtiteann an cinneadh siar ar an phríomhoide agus, faraor, ní oibríonn príomhoidí i bhfolús. Bíonn brú ann ó thuismitheoirí, ó mhúinteoirí agus ón chóras oideachais trí chéile. Anuas air sin, b'fhéidir go mbíonn tuairimí acu féin ar na ceisteanna seo. In ainneoin nach gcuirtear i leith an phríomhoide go ndéanfadh sé nó sí cinneadh ar chúiseanna nach raibh ar leas an pháiste, ní tharlaíonn na cinntí seo i bhfolús agus b'fhéidir go mbeadh brú aisteach ar an phríomhoide sin.