Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 2 July 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Pobal Gaeilge i mBaile Munna: Plé
Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh:
Sna 1970í, nuair nach raibh aon Ghaeilge sa cheantar, ba í an fhís a bhí againn ná an Ghaeilge a fháil isteach sa cheantar i gcomhair ár bpáistí. Is minic a chloistear daoine fásta agus daoine aosta ag rá go bhfuil sé ró-dhéanach dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim ós rud é go bhfuil siad imithe tríd an gcóras scoile. Is minic freisin a chloistear an frása an-choitianta "they beat it into us" i measc an ghrúpa a cheapann nách bhféadfaidís riamh an Ghaeilge a fhoghlaim. Bhí an fhís atá luaite agam againn ós rud é gur thuigeamar go raibh an Ghaeilge ag teastáil. Thosaigh sé leis an bhfís bheag seo. Bhíomar ag iarraidh a fháil amach an mbeimid in ann Gaelscoil a fháil agus an Ghaeilge nach raibh againn a thabhairt dár bpáistí. Ní raibh a fhios againn an raibh sé ródhéanach dúinn an Ghaeilge a fhoghlaim, ach theastaigh uainn go mbeadh ár bpáistí in ann an teanga a labhairt. Nuair a mhúintear an Ghaeilge mar ábhar scoile sa ghnáthchóras náisiúnta, ní oibríonn an cur chuige sin. B'fhéidir go bhfoghlaimíonn páistí sna gnáthscoileanna gnéithe den teanga a chabhraíonn leo pas a fháil ina gcuid scrúdaithe, ach ní bhíonn grá acu don teanga. Ní bhíonn ceangal idir an teanga agus croí agus anam an pháiste.
Ba mhaith liom an cur síos is fearr ar an gceist seo a chuala mé riamh a chur faoi bhráid an choiste. Baineann sé seo le Gaeilge na hAlban seachas leis an nGaeilge 'sagainne. Dúirt fear a bhí ag múineadh Gaeilge na hAlban liom go mbíonn an té a fhoghlaimíonn an Ghaeilge ag seasamh ar bhóthar a shíneann ar ais na mílte míle bliain go dtí an aimsir chaite agus a shíneann ar aghaidh go dtí an aimsir fháistineach. Is féidir don Ghaeilgeoir a rá "is Gael mé agus is duine ó Éirinn mé", ach ní hé sin amháin atá i gceist. Táimid ar fad bródúil gur Éireannaigh muid. Is as an tír álainn seo atáimid go léir. Tá an grá atá againn don Ghaeilge mar Ghaeilgeoirí níos leithne ná grá don Ghaeilge mar ábhar scoile nó mar chóras cumarsáide. Más rud é go bhfuilimid ag lorg córas cumarsáide amháin, is féidir linn an Béarla a úsáid mar go bhfuil Béarla ag gach aon duine. Sa chuid is mó, is é an Béarla sin an tslí is fearr dúinn cumarsáid a dhéanamh. Baineann na hiarrachtaí atá a dhéanamh sa cheantar chun an Ghaeilge a fhoghlaim, a úsáid agus a leathnú leis an gceol, leis an drámaíocht agus leis an spórt. Tagann daoine le chéile trí Ghaeilge i ngach saghas gné den saol.
Iarradh orainn an bhfuil iarratas curtha isteach go dtí Roinn na Gaeltachta chun stádas líonra Gaeltachta a bhaint amach. Ní dóigh liom go raibh a fhios ag aon duine againn go raibh a leithéid de stádas ar fáil go dtí gur cuireadh isteach iarratas go dtí Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Nuair a d’fhoilsíodh an plean áitiúil cúig bliana i gcomhair Bhaile Munna, dúirt Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go dtabharfadh sí tacaíocht iomlán don fheachtas i gcomhair meánscoil Ghaelach sa cheantar ós rud é go bhfuil dhá bhunscoil sa cheantar. Ansin, dúirt sí sa chás go mbeadh a leithéid de mheánscoil aitheanta i gcomhair an cheantair, go n-oibreodh sí le Roinn na Gaeltachta chun stádas líonra Gaeltachta a bhaint amach i gcomhair Bhaile Munna. Ba shin an chéad uair a chuala muid faoi. Nuair a dhein mé roinnt taighde faoi, bhí sé soiléir dom go raibh cás an-mhaith ag pobal Gaeilge Bhaile Munna.
Ní pobal beag dúnta - saghas club - atá i gceist anseo. Tá an Ghaeilge sa cheantar. Bíonn na páistí ag caint Gaeilge gan stró agus iad ag siúl timpeall. Ar ndóigh, is leis an mblas is láidre de chuid Bhaile Munna nó Bhaile Átha Cliath a chloisfear riamh a bhíonn siad ag caint agus iad ag rá "an bhfuil tú ag dul go dtí an pictiúrlann amárach, a Sheáin?", srl. Is álainn an rud é a leithéid de Ghaeilge a chloisteáil, mar an gcéanna le Gaeilge le blas Thír Chonaill, blas Chorca Dhuibhne nó blas Chonamara. Spreagann an Ghaeilge atá le cloisteáil ar shráideanna Bhaile Munna saghas bród ní hamháin i measc iad siúd atá bainteach go díreach leis an bpobal Gaelach, ach i measc gach duine sa cheantar. Go dtí gur loiteadh an lárionad siopadóireachta sa cheantar, bhíodh comórtas ann gach bliain i rith Seachtain na Gaeilge. Ghlac gach siopa sa lárionad sin - 100% dóibh - páirt sa chomórtas a bhí ag lorg an siopa a chuirfeadh an Ghaeilge chun cinn is mó ina taispeántas fuinneoige nó ó thaobh labhairt na Gaeilge de. Chrochaidís póstaeir sna fuinneoga le frásaí Gaeilge ar nós "fáilte anseo", "tar isteach" agus "ceannaigh na hearraí seo" orthu. Is féidir le haon duine a thiomáineann suas príomhbhóthar Baile Munna comhartha a deir "fáilte isteach - cogaslann" a fheiceáil ar siopa an phoitigéara. Tá comhartha den chineál céanna i SuperValu. Tuigeann daoine nach bhfuil páirteach i gcomhluadar na Gaeilge mar iarracht go bhfuil Gaeilge sa cheantar.
Is í sin an fhís atá againn. Táimid ag iarraidh an méid atá á dhéanamh againn a leathnú.