Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 2 July 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Pobal Gaeilge i mBaile Munna: Plé

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh:

Ba é an chéad cheist a chuir an Seanadóir ná cárbh as ar tháinig spiorad na Gaeilge seo agus an ó dhaoine ón nGaeltacht a tháinig isteach a tháinig sé. Tá cúpla tuairim agam féin faoi sin. D'fhás mé suas mar pháiste i mBaile Munna trí na 1970í agus na 1980í. Sula raibh aon Ghaelscoil ann i mBaile Munna chuaigh mé suas go dtí an séú rang sa ghnáthbhunscoil áitiúil. Ní raibh mé in ann trí fhocal a chur le chéile as Gaeilge, seachas cúpla abairt foghlamtha nár thuig mé iad i ndáiríre. Nuair a thosaigh m'athair, Antain, feachtas i gcomhair Gaelscoile i dteannta le tuismitheoirí eile, a bhfuil roinnt acu ar an gcoiste faoi láthair na huaire, chuir sé ceist orm ar mhaith liom athrú go Gaelscoil? Bhí orm taistil ó Bhaile Munna go dtí an chathair chun dul go dtí Gaelscoil Cholmcille. I gceann dhá mhí bhí mé in ann caint as Gaeilge, cé nach raibh Gaeilge iontach agam. Téann duine atá ag foghlaim na Gaeilge trí chéimeanna éagsúla. Is é an tslí ina ndéanann a leithéid de dhuine Gaeilge a fhoghlaim ná cloiseann sé nó sí ceist as Gaeilge, déanann sé nó sí a dhícheall í a aistriú go Béarla, déanann sé nó sí freagra as Béarla ina intinn, agus déanann sé nó sí a dhícheall an freagra sin a aistriú go Gaeilge. Le cleachtadh, tagann sé nó sí go dtí an pointe gur féidir leis nó léi ceist a chloisteáil mar cheist seachas mar rud go gcaithfear aistriúchán a dhéanamh air. Téann an cheist san intinn mar cheist agus freagraítear é díreach ón intinn. Sin an chéad chéim i dtreo líofachta.

D'fhiafraigh an Seanadóir cárbh as ar tháinig an spiorad. Ag an am sin ní raibh Baile Munna ach sé bliana d'aois nó mar sin, cé gur baile níos mó ná Port Láirge í ó thaobh daonra. Tháinig an chuid is mó de na daoine sin ó lár na cathrach. B'fhéidir nach bhfuil an ceart agam leis sin. Is saghas tuairim fhealsúnach í, ach smaoiním go raibh ceangal i bhfad níos doimhne ag na daoine sin le heachtraí sheachtain na Cásca 1916 de bharr gur tháinig an tromlach dóibh ó lár na cathrach, ó na tenements agus mar sin de. Bhí ceangal níos doimhne acu le haidhmeanna poblachtánaigh agus tá a fhios ag gach duine gur cheann d'aidhmeanna bhunaitheoirí ár Stát ná é a bheith, i bhfocail an Phiarsaigh, "Ní amháin saor, ach Gaelach chomh maith; ní amháin Gaelach, ach saor chomh maith". Sin an fáth, nuair a phleanáladh Baile Munna agus nuair a thógadh na seacht dtúr, gur cuireadh ainmneacha shínitheoirí fhorógra na Poblachta orthu: Pearse, Ceannt, Plunkett, MacDermott agus araile. Is as sin a tháinig ainm na scoile, Scoil an tSeachtar Laoch. Is iad an seachtar laoch na seacht duine a shínigh an forógra.

Nuair a thosaigh an chéad choiste ag rá go raibh Gaelscoil ag teastáil agus nuair a bhunaigh sé an feachtas, chuir sé glaoch amach agus tháinig laochra, cairde iontacha, chuige. Bhí ócáid fíormhór i mBaile Munna. Bhí Seán Ó Riada tar éis bás a fháil ag an bpointe seo ach tháinig a bhean chéile. Chaith sí lá ann. Bhí grúpa ó Chúil Aodha i gCorcaigh ann. Chaith siad am linn. Chuir sé sin leis an spiorad. Bhí tionchar fíormhór acu ar na daoine a bhí ann ag an am. Tháinig iriseoir ón nuachtán , Colm Ó Torna, amach chun ranganna Gaeilge leis na tuismitheoirí nach raibh aon Ghaeilge acu in aon chor. Ba Ghaeilge shimplí agus comhráite a bhí i gceist. Lean sé ar aghaidh.

Is rud eile fíormhór chomh maith ná, de bharr gur áit bhocht ina raibh a lán dífhostaíochta é, go raibh an preas diúltach faoi i gcónaí. Ní cloiseadh aon scéal ag teacht ó Bhaile Munna ach scéalta faoi dhaoine ag briseadh an dlí, drugaí, daoine dífhostaithe, troideanna agus araile. B'annamh a cloiseadh scéal dearfach faoi. Nuair a thosaigh é seo agus nuair a thosaigh scéalta dearfacha ag teacht as an áit, cé go raibh siad beag, bhí tionchar an-mhór aige ar dhaoine i mBaile Munna. Mar dhuine a bhí ina bhuachaill deich mbliana d'aois i mBaile Munna sna 1970í, tá a fhios agam gur chuir an meon sin isteach go mór ar fhéinmhuinín daoine sa cheantar. Ní paranoia amháin é. Bhí sé fíor. B'fhéidir le duine cur isteach i gcomhair post agus ardteistiméireacht mhaith aige nó aici, ach chomh luath agus a chonaic fostóir gurbh as Baile Munna a tháinig sé nó sí, chonacthas air nó uirthi mar chuid de lucht lofa Bhaile Munna. Chuir rudaí mar sin isteach ar féinmhuinín daoine.

Bhí an comhluadar Gaeilge mar shaghas aeir úra do dhaoine. Bhí daoine in ann dul tríd córas na scoileanna Gaeilge agus Gaeilge a fhoghlaim. Ní fhéadfainn a rá cé chomh mór an bronntanas, an mhaoin, agus an saibhreas a thug sé sin do dhaoine. B'fhéidir nach bhfuair na daoine sin ardteistiméireacht nó teastas sóisearach fíormhaith ach bhí a dteanga féin acu. Sin ceann de na príomhrudaí as a d'fhás an comhluadar. Thuig na páistí a chuaigh tríd an gcóras Gaeilge an mhaoin a bhfuair siad as. Ba é an chéad rud a theastaigh uathu i gcomhair a bpáistí nuair a d'fhás siad suas ná na páistí sin a chur tríd an scoil Ghaeilge chomh maith. Tá garpháistí roinnt de na céad pháistí a thosaigh i Scoil an tSeachtar Laoch ag freastal uirthi i mbliana. Níl aon fháth nach leanfaidh sé ag forbairt. Bhí an smaoineamh maidir leis na breac-Ghaeltachtaí go hiontach.

Más féidir linn stádas líonra Gaeltachta a bhaint amach i gcomhair Baile Munna, agus más féidir leis an bpobal i gCluain Dolcáin an stádas céanna a bhaint amach, ag féachaint ar aghaidh, ní fheicim cén fáth nach mbeadh na ceantair seo go léir in ann teacht le chéile i gcomhair ollcheantar Gaeltachta tríd an tír ar fad. Tá súil againn go mbeidh Baile Munna mar shampla d'áiteanna eile.