Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 2 July 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Pobal Gaeilge i mBaile Munna: Plé

Mr. Diarmuid Mac Giolla Ruaidh:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis caint leis an gcoiste inniu agus go háirithe leis an gCathaoirleach féin. Cé gur coiste muid atá taobh thiar den fheachtas chun Gaelcholáiste nua dara leibhéal a bhaint amach i mBaile Munna chun leanúint ar aghaidh ón dá bhunscoil Ghaeilge atá againn, táimid chun caint anseo inniu faoin bpobal Gaeilge i mBaile Munna, stair an phobail sin agus na haidhmeanna atá againn é sin a leathnú amach anseo. Luafaimid an feachtas don Ghaelcholáiste mar chuid den scéal iomlán sin.

Nuair a bunaíodh ár Stát, ba í tuairim na mbunaitheoirí go raibh damáiste déanta dár gcultúr agus dár dteanga tar éis 700 bliain de réimeas na Sasanach agus dúradh ag an am go ndéanfaí an Ghaeilge mar ábhar éigeantach sa chóras oideachais. Bhí sé sin go maith ionas nach ndéanfadh daoine dearmad ar an nGaeilge ach ní raibh aon Ghaeilge ag neart daoine timpeall na tíre ar fad. Níor chothaigh foghlaim na Gaeilge mar ábhar aon ghrá i leith na Gaeilge do dhaoine sa tír seo. Is díol bróin go gcaitheann gach uile dhuine 14 bliana ag foghlaim na Gaeilge agus is annamh a mbíonn caighdeán Gaeilge maith go leor ag aon duine dóibh chun comhrá simplí, fiú amháin, a dhéanamh.

Nuair a leanaimid ar aghaidh go dtí na 1970í, tháinig coiste beag de thuismitheoirí i mBaile Munna le chéile ansin. Dúirt siad gur maoin shaibhir mhór í an Ghaeilge don tír seo agus cén fáth nach bhféadfaidís an mhaoin seo a thabhairt dár bpáistí i gceantar mar Bhaile Munna, do cheantar den lucht oibre. Bhí an chuid is mó de na daoine ann dífhostaithe ann ag an am. Feachtas fíorfhada a bhí ann. Thóg sé breis is deich mbliana chun an aidhm sin a bhaint amach le bunú Scoil an tSeachtar Laoch, an chéad bhunscoil Ghaeilge a bunaíodh sa tír ar fad lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta. As sin tháinig borradh ar an líon Gaelscoileanna a osclaíodh mórthimpeall na tíre. Laistigh de chúpla bliain bhí Scoil an tSeachtar Laoch lán agus bhí ar an scoil páistí nua a dhiúltú. Thosaigh m'athair agus roinnt de na baill atá againn ar an gcoiste anois feachtas chun Gaelscoil nua a bhunú. D'éirigh leo Gaelscoil Bhaile Munna a bhunú sna 1990í. Le roinnt blianta anuas tá an dá scoil ag fás agus ag dul ó neart go neart agus tá siad beagnach lán le páistí i láthair na huaire.

Thángamar as deich mbliana de bhochtanas na tíre agus tá airgead ag an Rialtas anois arís ach tá fadhb mhór tithíochta ag daoine ár dtíre. Dá bharr, tá an Rialtas ag cur brú ar na comhairlí contae agus cathrach chun tabhairt faoi thógáil an t-am ar fad. Laistigh i mBaile Munna amháin, i gceann cúig bliana beidh 4,000 teach nua ann agus ní chuirtear san áireamh ansin ceantar Fhine Gall atá san áit chéanna freisin.

Tá sé soiléir go mbeidh gá géar ann do scoil dara leibhéal eile i mBaile Munna, mar níl ann ach ceann faoi láthair, agus tá súil againn gur Gaelscoil a bheidh sa scoil nua seo.

Tá grianghraf de phríomhbhóthar Bhaile Munna sa leabhrán atá tugtha againn don choiste, inár bhféidir suíomh Scoil an tSeachtar Laoch a fheiceáil. Tá foirgneamh eile ann gur leis an mBord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath, CDETB, é atá súil againn a úsáid don Ghaelcholáiste nua dara leibhéal. Is féidir an club CLG Chumann Báire Setanta, a dhéanann chuile rud trí Ghaeilge, a fheiceáil ann freisin. Is ionad cultúrtha é an club sin chomh maith. Bíonn bannaí ceoil traidisiúnta agus ceolfhoireann iomlán clasaiceach ann, agus ritheann siad ceardlann freisin ina ndéanann na ceoltóirí a gcuid uirlisí féin. Sin an t-aon cheolfhoireann ar an domhan a dhéanann é sin. In aice an club tá foirgneamh beag ina bhfuil an leabharlann suite faoi láthair. Tá scéal ag dul thart go mbeidh an leabharlann sin ag bogadh go ceantar eile, agus tá súil againn, in am, go mbeidh an foirgneamh sin ina chultúrlann chomh maith. Trasna an bhóthair uaidh sin, tá amharclann an Axis, áit a dtugann stiúrthóir na hamharclainne lánthacaíocht don Ghaeilge trí dhrámaíocht as Gaeilge a chur ar fáil. Tá Gaelscoil Bhaile Munna suite síos an bóthar ó sin, agus tá Glór na nGael Bhaile Munna ann chomh maith, eagrais atá mise mar chathaoirleach air anois. Bhunaigh m’athair, Anton, é sin sna 1990í in éineacht leis an Uasal Breathnach, agus tugtar traenáil ann do dhéagóirí ar scéimeanna fostaíochta pobail, CE. Tá naíonra agus club iarscoile lonnaithe ann, agus tá naíonra eile i Scoil an tSeachtar Laoch chomh maith.

Thar 40 bliain, d’fhás comhluadar na Gaeilge i mBaile Munna ó ghrúpa beag deichniúr, a thosaigh leis an smaoineamh an bhféadfadh siad an Ghaeilge a thabhairt dá bpáistí. Faoi láthair, tá dhá naíonra i mBaile Munna ina bhfaigheann páistí a gcuid píosa Gaeilge gach lá, agus dhá bhunscoil inár bhféidir leo a gcuid oideachais trí Ghaeilge a thosú, suas go dtí rang a sé. Is féidir le páistí drámaíocht Gaeilge a dhéanamh san Axis, agus spórt agus ceol a dhéanamh trí Ghaeilge sa chlub Setanta, agus tá trí chéim Fiontar i DCU gur féidir a dhéanamh trí Ghaeilge. Mar sin, an t-aon phíosa den jigsaw atá in easnamh ná Gaelcholáiste iarbhunscoile, agus sin an feachtas atá ar siúl againn faoi láthair.

Tá an t-ádh orainn go bhfuil foirgneamh an CDETB ann cheana féin. Bhí Gaelscoil Bhaile Munna suite ann suas go mí an Mheithimh i mbliana, agus é ag feitheamh ar fhoirgneamh buan a bheith críochnaithe. Críochnaíodh an foirgneamh nua sin agus bhog an Ghaelscoil amach as i mí an Mheithimh. Mar sin, tá foirgneamh folamh ann agus tá an CDETB lán taobh thiar dúinn. Tá an CDETB ar tí cás a chur le chéile faoi láthair chun buiséad múinteoireachta a fhiafraí ar an Roinn Oideachas agus Scileanna. Ní buiséad mór atá i gceist mar go bhfuil an foirgneamh ann agus é réidh le haghaidh páistí dul isteach ann cheana féin.

Fuair muid freagra iontach ó thuismitheoirí sa cheantar ó thaobh Ghaelcholáiste de. Cuireadh ainmneacha 70 páiste síos don bhliain seo, 69 don bhliain seo chugainn, agus figiúirí mar sin ag dul ar aghaidh do na blianta amach romhainn. Chomh maith leis sin, má fhaighimid an scoil seo, agus má tharlaíonn sé i mbliana mar atá súil againn, tá gealltanas tugtha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ina phlean áitiúil go n-oibreoidh sé leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun stádas Gaeltacht áitiúil a bhaint amach i mBaile Munna. Sin an píosa deireanach atá le baint amach, agus ní bheadh aon deireadh le forbairt an comhluadar ansin. Leanfaidh an tUasal de Barra ar aghaidh ag labhairt faoi sin as seo amach. Go raibh míle maith agaibh.