Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat. Tá cúpla ceist agam ó thaobh na seirbhíse comhlachta. Tá litir agam anseo ó bhean, agus níl mé ag iarraidh díriú isteach ar rud pearsanta, ach pointe ginearálta a dhéanamh. De réir mo thuisceana, níl a dhóthain síceolaithe le Gaeilge ar fáil agus níl siad in ann daoine a mheasúnú i nGaeilge. An bhfuil sé sin ceart, nó an bhfuil sé mícheart?

Gabhaim buíochas as ucht an ráitis tosaigh. Tá sé dearfach agus tá rudaí dearfacha ann. Tiocfaidh muid ar ais ag an bpolasaí oideachais lá éigin eile, mar tá muid ag taistil timpeall na tíre chuig chuile Ghaeltacht, agus tá a lán fadhbanna ar an talamh. Tá rudaí dearfacha ann, ach tá fadhbanna ann ag an am céanna ó thaobh téacsleabhair, mar shampla, mar a dúirt an Teachta Ó Muimhneacháin. Tiocfaidh mé ar ais ag an bpointe sin, agus b'fhéidir go bhfuil forum in áit éigin chun aisfhreagra a chur ó na daoine ar an talamh go dtí an Roinn. Sin do lá éigin eile.

Tá foireann mhór ag an Roinn, le breis agus 1,300 duine ag obair ann, agus céatadán beag bídeach ag labhairt trí Ghaeilge. Tá fadhb, nó dúshlán, ansin, nach bhfuil? Sin an fáth a bhfuil scéimeanna teanga ann, ach tá a fhios againn go bhfuil siad teipthe go huile agus go hiomlán. Tá córas nua le teacht isteach, agus rinneadh tagairt dó sin. Cad atá foghlamtha ag an Roinn ón tseanscéim? Ba chóir go mbeadh a fhios ag an Roinn cad atá foghlamtha, cad iad na bearnaí, cad atá le déanamh agus na buntáistí a bheidh ann ó thaobh an chórais nua atá ag teacht isteach.

Cé mhéad den fhoireann atá i mbun cúrsaí a dhéanamh trí Ghaeilge faoi láthair? Cad iad na rudaí dearfacha atá sa Roinn chun iad a mhealladh chun tuilleadh cúrsaí a dhéanamh? Cén céatadán den fhoireann atá ag déanamh cúrsaí trí Ghaeilge, agus cad iad na spriocanna? Tá na ceisteanna seo curtha cheana, ach níl mé sásta leis na freagraí. Is féidir tosú leis an tseirbhís síceolaíochta. Go raibh míle maith agat.