Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ós rud é gurb é an Roinn Oideachais agus Scileanna atá i gceist, agus glacaim leis na hiarrachtaí agus an obair atá á ndéanamh agus na cuspóirí agus mar sin de, an bhfeictear do na hionadaithe go bhfuil dualgas ar leith ar an Roinn Oideachais agus Scileanna a bheith mar acmhainn do Ranna eile an Stáit? Táimid ag caint de shíor anseo faoi na bearnaí ar fud an státchórais. Ba chóir go mbeadh an Roinn Oideachais agus Scileanna mar eiseamláir don státchóras ar fad. Tá sin intuigthe, go háirithe ós rud é go bhfuil dualgas uirthi maidir le Gaelscolaíocht agus scolaíocht lán-Ghaeilge sna Gaeltachtaí agus sa Ghalltacht. Chomh maith leis sin, an bhfuil seasamh dleathach ag an Roinn chun a bheith mar acmhainn agus chun cabhrú le Ranna Stáit eile dul chun cinn a dhéanamh sa réimse seo ós rud é gur ceist oideachais atá ann, chomh maith le ceist airgeadais agus go leor ceist eile. Baineann sé go bunúsach le hoideachas, áfach, mar ní féidir leis an státchóras dul chun cinn a dhéanamh gan oideachas a bheith lárnach ó thaobh úsáid na Gaeilge agus soláthar seirbhísí trí Ghaeilge de. An bhfuil seasamh dleathach ag an Roinn a bheith mar acmhainn? An bhfuil sé de chuspóir aici a bheith mar acmhainn don státchóras ar fad? An bhfuil gá le plé faoi sin?

Baineann an tríú ceist le rud atá ráite ag an Roinn, is é sin munar féidir deileáil le duine trí Ghaeilge ar an toirt, go dtiocfar ar ais chuig an duine sin laistigh de lá amháin. An gciallaíonn sé sin go mbeidh, ar a laghad, duine amháin ann chun a rá leis an duine, i nGaeilge, nach féidir leis nó léi déileáil leis an duine nó an gcaithfear an teachtaireacht sin a fháil i mBéarla? Cad a tharlaíonn sa chás sin go praiticiúil? Bhí mé ag éisteacht ar maidin le fear atá an-bhuartha faoi na síntí fada sa chóras. D'fhéadfaí tuairimí difriúla a bheith ag daoine faoi na féidearthachtaí ina leith ach ba chóir go mbeidh gach duine sa Roinn Oideachais agus Scileanna in ann, ar a laghad, an méid sin a rá le duine le nach mbeidh air nó uirthi Béarla a fháil ar ais nuair a thosnaíonn sé nó sí faoi chumarsáid i nGaeilge.

Faoi láthair, cén céatadán d'fhoireann na Roinne a bhfuil sé ar a gcumas acu déileáil le daoine i nGaeilge? Cén sprioc atá ag an Roinn bliain amach anseo nó dhá bhliain amach anseo? An féidir leis na hionadaithe a rá cá bhfuil siad agus cá mbeidh siad?