Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta: Cathaoirleach Ainmnithe

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Sa ráiteas tosaigh ansin, rinne mé tagairt don páirt-tumadh, nó an CLIL, agus is bealach é sin chun an méid ama teagmhála a bheidh ag daltaí i scoileanna Béarla leis an nGaeilge á mhéadú. Ní hamháin go mbeidh siad ag foghlaim Gaeilge mar ábhar agus mar theanga i scoileanna Béarla ach gur cheart go mbeadh deis acu ábhair eile nó cuid d'ábhair eile a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge. Tá corpoideachas, ealaíon, ceol agus eolaíocht ann agus tá féidearthachtaí iontacha ansin. Sa bhealach sin, is féidir linn buntáiste a bhaint as na múinteoirí is fearr sa scoil atá cumasach ó thaobh na Gaeilge, ní hamháin an obair atá ar siúl acu i múineadh na Gaeilge a dhéanamh, ach b'fhéidir cuid d'ábhair eile trí na scoile a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Mhéadódh sé sin an t-am teagmhála atá ag na daltaí leis an nGaeilge agus tá sé thar a bheith tábhachtach an t-am teagmhála a mhéadú.

Cloisimid ar an raidió go rialta gur chaith duine éigin 14 bliana ar scoil ag foghlaim na Gaeilge agus nach bhfuil Gaeilge ag an duine sin. Níl sé sin fíor. Ní chaitheann aon duine 14 bliana ag foghlaim na Gaeilge. Caitheann siad timpeall 1,500 uair an chloig laistigh de thréimhse 14 bliana. Bíonn an t-am teagmhála sin ag dalta Gaelscoile i mbliain go leith dá saol. Bíonn timpeall 15,000 uair an chloig teagmhála ag an dalta leis an máthairtheanga sula dtosaíonn sé nó sí ar scoil.

Má labhraítear Béarla sa bhaile, bíonn deich n-uaire an méid ama teagmhála ag daltaí leis an mBéarla ag aois a cúig nó cúig go leith agus iad ag teacht ar scoil ná leis an Ghaeilge. Bíonn 15,000 uair an chloig teagmhála acu leis an mBéarla ag tosú ar scoil, agus thar thréimhse 14 bliana ansin, ní bhíonn ach 1,500 uair an chloig teagmhála leis an Ghaeilge. Caithfimid an t-am teagmhála leis an teanga a mhéadú, agus bealach an-mhaith chun é sin a dhéanamh ná an CLIL, nó an páirt-thumadh, os gur féidir ábhar eile, nó cuid d’ábhar, a theagasc trí mheán na Gaeilge. Tá múinteoirí ann i ngach scoil sa tír atá ábalta é sin a dhéanamh, ach is gá buntáiste agus córas a bheith ann dóibh chun é a dhéanamh. Tá mé cinnte go mbeidh an córas nó an scéim atá ag tosú i mbliana maidir leis an CLIL agus an páirt-thumadh rathúil agus go n-éireoidh go geal leis na scoileanna sin. Ceapaim go mbeidh a lán scoileanna ag iarraidh é sin a dhéanamh nuair a thuigeann siad na buntáistí ó thaobh dátheangachas do na daltaí, mar níl ann ach buntáistí.