Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as an gcur i láthair agus as an eolas. Bhí deis agam léamh tríd an ráiteas tosaigh agus tá roinnt mhaith eolais ann. Tá cúpla ábhar gur mhaith liom a phlé leis an toscaireacht. Is é an líne thosaigh, an áit ina mbíonn an Roinn ag plé leis an bhfeirmeoir agus leis an bpobal, an áit is tábhachtaí daoine a bheith aici chun plé leo as Gaolainn. Feicim go bhfuil an fhoireann sin ag an Roinn i roinnt áiteanna.

Teastaíonn uaim díriú isteach ar an gcigireacht. Bíonn go leor cigireachtaí ar fheirmeacha. Bíonn na cigireachtaí saghas random de réir dealraimh, cé nach n-aontódh gach feirmeoir leis sin. Tagann sé sin aniar aduaidh ar an bhfeirmeoir ach ní thagann sé aniar aduaidh ar an Roinn. Bíonn deis aici ullmhú chuige. Mar sin, má tá a fhios ag an Roinn go bhfuil sí ag dul i dtreo ceantair, conas a chinntítear go mbeidh cigire le Gaolainn ar fáil? An ndéantar na cigireachtaí trí Ghaolainn? Nuair a chuirtear glaoch an lá roimhe chun labhairt leis an bhfeirmeoir, an gcuirtear an feirmeoir ar an eolas go bhfuil an rogha aige nó aici a ghnó a dhéanamh trí Ghaolainn? Tá a fhios agam go raibh cúigear feirmeora randomly selected i nGaeltacht Chorcaí ach níl a fhios agam go bhfuair siad an rogha sin. Conas a roghnaítear na háiteanna ina gcuirfear seirbhísí ar fáil trí Ghaolainn? An mbíonn an Roinn ag féachaint ar na foirmeacha iarratais? Conas a thomhaiseann sí an t-éileamh? Conas a lorgaítear cigirí chun a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn? An bhfuil siad ar fáil i ngach aon áit? An gcuireann sé sin moill ar an gcigireacht? Cad a tharlaíonn? An bhféadfaí é sin a mhíniú dom? Cuir i gcás feirmeoir i gCúil Aodha a bhfaighidh glaoch teileafóin tráthnóna mar gheall ar chigireacht amárach. Cad a tharlódh?