Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Díospóireacht Scoile

Mr. Pádraig Ó hAiniféin:

A Theachtaí Dála, a Sheanadóirí, a lucht éisteachta agus a chomhscoláirí, is mise Pádraig Ó hAiniféin ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus táim chun labhairt ar an bhfeirmeoireacht agus ar an timpeallacht. Tá an t-ádh linne sa tír seo, ach go háirithe san iarthar, go bhfuil feirmeoirí beaga le tuiscint ar an ndúthaigh atá ag gabháil don talamh. Is daoine iad seo go bhfuil muintir leo ag tindeáil do na páirceanna céanna leis na glúinte agus is maith sin mar is treise dúchas ná oiliúint, mar a deir an seanfhocal. Tá mo mhuintir ar an bhfeirm s'againne i Lios Deargáin ó a bhí an Gorta Mór ann. Táimid fréamha sa talamh sin ach an oiread le feirmeoirí eile Chorca Dhuibhne.

Tá an fheirmeoireacht, an timpeallacht agus cultúr na tíre seo fite fuaite lena chéile. Má tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-Oileán dáiríre faoina chúram, ní mór tacú le feirmeoirí beaga na tíre seo mar is acu atá canúint, an tuiscint ar an gceantar agus an meas ar an ndúthaigh. Is a bhuíochas le feirmeoirí Chorca Dhuibhne go bhfuil na galláin, na liosanna agus na seanchillíní fós le feiceáil ann agus is ag na feirmeoirí beaga atá scéalta na háiteanna sin agus ainmneacha na ngort. Is feirmeoirí páirtaimseartha go leor de na daoine atá gafa sna feirme sin. Tá feirmeoirí mairteola na tíre seo faoi bhrú le han-tamall agus puinn ioncam á fháil a dtuilleamh acu as a gcúram. Deirtear gur murachna fóirdheontais, go mbeadhcaillteanas i gceist do go leor acu. Tá an fearg agus an míshásamh le feiceáil i bhfeirmeoirí anois agus tá an gluaiseacht beef plan tosaithe chun troid ar a son. Teastaíonn uathu praghsanna dearbha dá gcuid tairgí a fháil, rud nach bhfuil acu faoi láthair.

Is ar mhaithe leis an timpeallacht atá feirmeoirí. Bhí cad é fuadar agus fotha imní faoi fheirmeoirí na leithinse i ndeireadh Feabhra agus iad ag tabhairt faoi na cnoic agus na portacha le lasáin. Cleachtadh é seo a chabhraíonn leis an talamh. Dhóigh na feirmeoirían t-aiteann uair le haghaidh gach seachtú bliain chun athnuachan a dhéanamh ar na cnoic. Faoi mar atá ráite agam cheana, tá an t-ádh dearg linne sa tír seo go bhfuil an fheirmeoireacht chomh nádúrtha sin. Maireann na ba anseo amuigh sna páirceanna agus ní tugtar dóibh ach dáileoige chun iad a chosaint ó ghalair. Cuir ár gcásanna i gcomparáid le cás Meiriceá, áit ina bhfaigheann 95% de bha hormón a chúisíonn fás, rud atá neamhdhleathach anseo agus ar fud na hEorpa. Chomh maith leis sin, is é an innilt nialais nó zero grazing atá rian ansin thall, rud a chiallaíonn nach mbíonn na ba ag iníor riamh agus is minic go dtugann siad an bhliain ar fad istigh faoi dhian.

Féach ar na caoirigh chomh maith. Tá caoirigh ag an múinteoir ónár scoil amuigh ar an mBlascaod chun an talamh a choimeád beo. Murach na caoirigh sin, bheadh an iomarca féar, rud a mharóidh bláthanna agus fauna eile an oileáin. Is amhlaidh a tharla sa Bhoireann i gContae an Chláir tamall de bhlianta ó shin nuair nach ligeadh do na ba an geimhreadh a thabhairt ag iníor sa Bhoireann. Dúradh gur ar mhaithe leis na bláthanna speisialta a bhí siad ag déanamh seo ach is beagnach go bhfuair na bláthanna ar fad bás mar gheall ar an bhféar ar fad a bhí ag fás agus gan aon stop leis.

Deirtear go bhfuil an taoide ag casadh ó thaobh meon i leith na haeráide. Is cinnte go gcaithfimid sa tír seo go leor dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh athrú aeráide. Léigh mé alt an-suimiúil ar tuairisc.iele déanaí faoin bhfeiniméin síceolaíochta nua atá forleathan anois ar fud na hEorpa. Vliegschaamte nó náire aerthaistil a ghlaonn siad air san Ísiltír. Chuir an t-údar, Alex Hijmans, síos ar an tslí gur dhiúltaigh clann deirfiúr leis imeacht ar saoire go Vienna dá rachaidís ar eitleán toisc an díobháil a dhéanann sé don timpeallacht. Bheartaigh siad tabhairt faoin turas 14 uair a chloig ar an traein ar mhaithe leis an domhan. Níor chuala mé ríomh aon chaint sa tír seo ag an bhfeirmeoir, ag an múinteoir nó ag an Teachta Dála fiú ar thionchar na n-eitleán ach ní eitleáin amháin a bhíonn ag déanamh díobháil don timpeallacht. Tá cur amach againn ar fad ar an ndochar a dhéanann carr le taca díosailagus peitreal ach tá cúrsaí ag feabhsú. Déanfaidh níos mó carr le taca leictreachais in Eanáir agus Feabhra na bliana seo ná mar a díoladh in 2018 ar fad. Má is ea, is fada uainn fós sampla na hIorua, áit in ar charr le taca leictreachais iad 49% de na carr taca nua a díoladh anuraidh ann. Ardaíonn sin ceist eile. Conas a dhéantar leictreachais na tíre seo? Is ó thuirbíní gaotha a thagann beagnach ceathrú dár gcuid leictreachais ach cad faoin 75% eile? Molaim don gcoiste cuairt a thabhairt ar Chorca Dhuibhne an chéad geimhreadh eile chun na gálaí gaoithe, na tonnta móra agus an aimsir dhian a fheiceáil. Is ansin a thuigfidh baill an choiste cumas na tíre seo i dtaobh fuinneamh inathnuaite.