Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Díospóireacht Scoile

Mr. Setanta Ó Gribín:

A Sheanadóirí, a Theachtaí Dála, a chairde Gaeil, a chomhghleacaithe Gaelscolaíochta agus a chomhandúiligh teicneolaíochta, dúirt an t-aisteoir, Hermione Norris ón gclár "Cold Feet" roinnt blianta ó shin go raibh sí chun a páistí a choinneáil ar shiúl ó na meáin shóisialta chomh fada agus is féidir léi mar, dar léi, go raibh siad ionrach amach is amach. Is cinnte go bhfuil an bhean seo den tuairim gur mallacht iad na meáin shóisialta, ach, an bhfuil an ceart aici?

Níl aon dabht ann ach go bhfuil contúirtí ag baint leis na meáin shóisialta. Is iomaí scéal an uafáis a chloisimid maidir le daoine óga soineanta, go háirithe, a mhealltar le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí dochracha ag daoine a bhfuil drochdheoir iontu. Is iomaí aip atá ar fáil a chuireann daoine óga i mbaol. Bhí Blue Whale againn anuraidh agus bhí Momo againn ar na mallaibh, aipeanna a thug dúshlán do dhaoine óga féindochar a dhéanamh.

Is iomaí tuismitheoir a sheasann ar an bhfód in éadan duine atá ag cáineadh a pháiste, ag déanamh beag den pháiste seo acu, ag déanamh bulaíochta orthu, ag magadh fúthu, nó ag spochadh astu. Nach bhfuil sé de dhualgas ar gach tuismitheoir é sin a dhéanamh? Tá, cinnte, ach ar chúis éigin, nuair a bhíonn na meáin shóisialta i gceist, is iomaí tuismitheoir a thréigeann an dualgas sin. Tréigeann siad a n-óga le bheith i mbaol ó ghruaim, ó fhadhbanna cearrbhachais, ó fhéinghortú, nó ó fhéinmharú. Ar fáth éigin ní thugtar faoi bhulaíocht ar líne mar a thugtar faoi bhulaíocht fisiciúil, cé go bhfuil na hiarmhairtí gach pioc chomh holc agus go bhfuil na meáin shóisialta ag éascú na bulaíochta seo.

Téann na meáin shóisialta i bhfeidhm ar an aos óg ar bhealaí diúltacha: ag déanamh cothromú idir pornagrafaíocht agus grá; ag cruthú tuisceana gurb ionann fear fearúil agus fear a bhaineann úsáid as an gcumhacht seo aige le mí-úsáid a bhaint as daoine eile; agus gurb ionann áilleacht agus íomhánna d'fhir le boilg shé-phaca nó íomhánna de mhná leathchnaíte in selfies leis na beola cumtha mar seo.

Tá go leor deacrachtaí maidir leis na meáin shóisialta agus leis an nuacht bhréagach chomh maith. Ba cheart go mbeadh polaiteoirí uaisle, ar nós na ndaoine i láthair anseo, a bheith iontach buartha faoi mhí-úsáid na meán sóisialta chun tionchar a imirt ar thoghcháin agus ar reifrinn na saolta seo. Ní gá ach breathnú ar thorthaí toghcháin ar fud an domhain agus an ról a d’imir comhlachtaí ar nós Cambridge Analytica ar intinn na milliún a mhúnlú agus a athrú.

Is cinnte go bhfuil domhan na teicneolaíochta agus na meán sóisialta ag athrú le luas lasrach. Áit a raibh Facebook, tá Instagram, Snapchat agus Twitter anois ann. Áit a raibh ríomhaire mór le freastalaí cumhachtach ag teastáil le ríomhphost a sheoladh, níl de dhíth anois ach an fón cliste agus Wi-Fi maith. Níl ag éirí leis an tsochaí rialacha a fhorbairt a dhéanfadh domhan na meán sóisialta a rialú mar is ceart, agus sábháilteacht na n-úsáideoirí a chinntiú. Tugaim dúshláin do na daoine uaisle i láthair anseo inniu agus reachtaíocht chuí a chur os comhair na tíre chun a chinntiú go mbíonn ar chomhlachtaí ollmhóra freagracht a ghlacadh as an deis a chur ar fáil do dhaoine eolas príobháideach, contúirteach nó bréagach a chur os comhair an phobail.

Leis an méid sin ráite, is cinnte nach mallacht ar fad atá sna meáin shóisialta. Tá beannacht nó dhó le sonrú chomh maith. Táimid in ann bheith i dteagmháil lenár gcairde go furasta. Tá fáil ag uasal agus íseal ar ár gcara Google agus is cinnte go dtugtar ardán do dhaoine labhairt leis an tír nach raibh ar fáil acu san am roimhe seo.

Tá beannachtaí sna meáin shóisialta don Ghaeilge chomh maith. Baineann muidne úsáid rialta as foclóir.ieagus is fusa i bhfad iriseoireacht na Gaeilge a chur ar fáil ar líne, seachas nuachtán nó iris a chur i gcló. Tá go leor de mo chomhghleacaithe ag cur na teanga in oiriúint don domhan nua-aoiseach trí na meáin shóisialta, go háirithe iad atá ag cumadh memes na Gaeilge. Cé acu den lucht éisteachta a chuala an dán:

Roses are red

violets are blue

irregular verbs in the past tense

get a séimhiú.

Cé acu ach oiread a chuala an frása a chuir duine eile in airde agus iad ag caint faoin ardteistiméireacht, rud atá fíor i mo chás féin chomh maith, "Ní dhearna mé aon staidéar; tá mé scrúdaithe”?

Gabhaim buíochas leis an lucht éisteachta.