Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 12 March 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Díospóireacht Scoile
Ms Éabha Ní Neachtain:
A dhaoine uaisle uile, tá ábhar na meán sóisialta faoi chaibidil go forleathan le blianta anois agus na hargóintí ina bhfabhar agus ina gcoinne cloiste againn ar fad. D'fhéadfainn suí anseo, os comhair an choiste, agus labhairt faoin bhflúirse eolais, an teagmháil luachmhar agus an sóisialaí iontach atá le fáil ar Facebook, Twitter agus a thuilleadh nach iad. Mar aon leis sin d’fhéadfainn tagairt a dhéanamh do choireanna, ciapadh, bulaíocht agus an iliomad mallachtaí eile atá mar chneá lofa dhainséarach ag croílár na meán seo go laethúil. Ina ionad seo ar fad féachaimis ar an méid cosúlachtaí atá idir bheannachtaí agus mhallachtaí na meán sóisialta araon. Is ábhar teibí, gan substaint é atá scoite amach ón bhfíorshaol. Caint isteach sa spás atá ann don fhormhór.
Is beannacht nó is mallacht atá sna meáin shóisialta, ag brath ar conas a úsáidtear iad. Tá an méid sin ar eolas againn go léir, ach conas ar cheart dúinn an teicneolaíocht seo a úsáid chun gur mó an buntáiste dúinn í ná a mhalairt, agus cumhacht na meán sóisialta a tharraingt amach as na scamaill agus na scáileáin isteach sa bhfíorshaol tráthúil inniu? Is í sin an cheist.
Tógfaidh mé an cheist ar ais chugam féin ar dtús. Tá cuntas agam ar Snapchat, Discord agus ar Instagram, áit a leanaim 330 cuntas eile. Cinnte, tá aithne agam ar an bhformhór díobh, ina measc, mo chairde atá ag cur suas pictiúirí chomh héadomhain agus neamhthábhachtach sa saol is atá mo chuid féin. Níos measa fós is ea na mainicíní agus na réaltaí Instagram gurb iad a bpoist lánaimseartha ná pictiúirí áille díobh féin a chur in airde agus moladh a ghlacadh ó dhaoine áille eile agus iad íoctha go maith as. Ní gá dom seasamh siar rófhada ón bhfón chun éagóir de seo a fheiscint. Níl mé chun seasamh anseo inniu chun tabhairt amach faoi na rudaí seo atá ar eolas againn uile cheana ach chun féachaint air i slí uile nua. Cé hiad na heisceachtaí? Cé atá ag úsáid na meáin shóisialta i slí dhifriúil d’fhormhór na ndaoine? Ba mhaith liom Greta Thunberg agus Sally Hayden a chur in aithne don chomhchoiste. Seans maith gur chuala an coiste faoi óráid an Uasail Thunberg, ceannródaí 16 bliana d'aois a labhair faoin ngéarchéim timpeallachta le déanaí in Davos.
Dé ghnáth nuair a chím rud éigin suimiúil ar líne, b’fhéidir go dtabharfainn "like" dó nó go seolfainn ar aghaidh chuig cara é. Bhí rud éigin as an ngnáth faoi óráid an Uasail Thunberg a bhain stangadh asam. Seo cailín atá níos óige ná mé féin a bhain leas as na meáin shóisialta atá chomh forleathan i measc ár n-aoisghrúpa chun labhairt amach le misneach. Bhí orainn an neamhaird dhainséarach a léiriú go nocht don ghlúin fhásta agus an cruachás millteanach ina bhfuilimid a thaispeáint don domhan chun gníomh a impí ar chumhachtaí na cruinne. Is í seo beannacht. Is é seo na Kardashians agus na físeáin randamacha á gcaitheamh ar leataobh chun iachall a chur orainn féachaint suas ó na scáileáin agus freagracht a ghlacadh maidir leis an domhan mórthimpeall orainn.
Bean eile ar chomhchrógacht leis an Uasal Thunberg is ea Sally Hayden. Iriseoir óg ó Bhaile Átha Cliath í ach clúdaíonn sí scéalta na dteifeach ar fud an domhain. Téann an tUasal Hayden cruinn díreach i mbearna an bhaoil gach lá chun teifigh sna campaí is boichte agus is dainséaraí ar domhan a chur faoi agallamh. Tugann sí guth dóibh siúd atá ciúnaithe. Léiríonn siad meas orthu siúd atá dearmadta. Cuireann sí na scéalta luachmhara seo in The Washington Post agus The New York Times á scaipeadh, ar nós na mion-éan, ar gach meán sóisialta chun a rá: "Éist liom, caithfear cabhrú leis na daoine seo agus ní ligfidh mé daoibh dearmad a dhéanamh orthu." Úsáideann na teifigh seo na meáin shóisialta, ar ceann de na fíorbheagán ábhair trealaimh atá acu, chun dul i dteagmháil leis an Uasal Hayden agus teachtaireachtaí tábhachtacha ag tagairt do chaighdeáin mhaireachtála agus an tslí a gcaitear leo a léiriú don domhan. Seo iad na teachtairí fiúntacha. Is beannacht í seo.
Tugann a leithéidí seo misneach dom go bhfuil maitheas le fáil ó na meáin shóisialta mar go bhfuil spás agus stáitse acu siúd a nguthanna tábhachtacha a chur chun cinn agus a scaipeadh timpeall an domhain chun athrú dearfach a dhéanamh. Cén mhaitheas a bheadh ann domsa labhairt os comhair baill an choiste ag meá buntáistí agus míbhuntáistí atá ar eolas acu cheana? Dá dtiocfaimis ar chinneadh, tar éis an phlé, go bhfuil na míbhuntáistí i bhfad níos mó ná aon bhuntáistí, an gcuirfí stop láithreach leo? Tá a fhios agam go maith nach gcuirfí. Is é an chuid is mó a d’fhéadfaimis a dhéanamh, ámh, ná sábháilteacht Idirlín a chur chun cinn agus na dea-shamplaí a leanúint. Uaireanta an chloig fhada a chur amú ar líne gach lá nó na meáin shóisialta a úsáid mar threalamh nua-aimseartha chun athruithe dearfacha fónta a chruthú is ea an rogha atá romhainn. Bíonn sé deacair an t-ábhar luachmhar a phiocadh amach ón feed ollmhór leanúnach, ach is é an t-aon slí beatha atá ag na meáin shóisialta ná chun iad a úsáid. Is iad na Teachtaí Dála as a dtagann an Rialtas agus nach iad siúd na daoine atá in ann athruithe a chur i gcrích? Oideachas agus dea-shamplaí is ea an trealamh atá ag teastáil chun na buntáistí a bhaint ó na meáin shóisialta seo. Is é seo ár dtodhchaí agus is iad seo ár roghanna. Mo mhíle buíochas as cluasa na héisteachta a thabhairt dom.