Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 March 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Díospóireacht Scoile

Ms Rút Ní Choileáin:

A Bhaill den Oireachtas, a chomhdhaltaí agus a chairde, is mór an chúis dúinn a bheith anseo inniu. An rud is annamh is iontach. Buíochas ó chroí don chomhchoiste as an gcuireadh agus is mór dúinn é. Táim anseo in éineacht le mo dhlúthchairde, Fia Ní Chíosóig agus Caitlin Ní Ainiféin. Tá an triúr dínn ag gabháil don teastas sóisearach i mbliana agus is mór an faoiseamh dúinn cuairt a thabhairt ar phríomhchathair na hÉireann inniu. Beidh mé ag caint ar an ábhar: Éire, An Bhreatain agus an Eoraip, ábhar atá tráthúil go maith agus an Bhreatain ar tí imeacht ón Aontas Eorpach, is oth liom a rá. Is í Éire ár dtír ionúin féin.

Tá daoine ann a deir gur 26 chontae atá in Éirinn agus daoine eile fós a deir go bhfuil 32 chontae i gceist. Beatha do dhuine a thoil.

Is í an Bhreatain an chomharsa is cóngaraí dúinn. Dá bhrí sin tá tábhacht ar leith léi do mhuintir na hÉireann. Ciallaíonn an Eoraip an Mhór-Roinn ina a bhfuilimid agus an Bhreatain inár gcodanna de. Laistigh den Eoraip, tá an tAontas Eorpach. Aontas polaitiúil agus eacnamaíoch ina bhfuilimid agus an Bhreatain inár mbaill de.

Ag dul siar sa stair, tá Éire nasctha leis an Eoraip ó tháinig na chéad daoine anseo ón Mór-Roinn. Idir an dá linn choimeád manaigh na hÉireann nasc oideachasúil leis an Eoraip agus tá an nasc sin ina steillbheatha fós, le mic léinn na hÉireann ag dul sall ar chúrsaí Erasmus agus mic léinn na hEorpa ag teacht anall anseo. Deis iontach í seo d'Eorpaigh óga, sinne san áireamh. Is aoibhinn beatha an scoláire.

Ní raibh ár gcaidreamh leis an mBreatain tríd an stair chomh rathúil sin. Bhí smacht ag an mBreatain orainn ar feadh na gcéadta bliain go dtí gur bhain Éire Saorstát amach sa bhliain 1922. Is tír aibí, éirimiúil, neamhspleách í Éire anois a bhfuil an-bhródúil aisti féin. D'fháiltigh sí go croíúil roimh Bhanríon Eilís nuair a thug sí cuairt orainn agus bíonn cainteanna ar siúl idir Rialtais na hÉireann agus na Breataine go mion minic. Ar scáth a chéile a mhaireann na tíortha.

Chuaigh Éire agus an Bhreatain isteach san Aontas Eorpach, nó an AE mar a thugtar air, gualainn ar ghualainn sa bhliain 1973. Tháinig fás agus forbairt ar chúrsaí trádála toisc saorghluaiseachta earraí agus seirbhísí san AE agus tá cosc ar bhaic thrádála, a bhuí sin leis an Margadh Eorpach Aonair. Buntáiste mór eile is ea an tsaorghluaiseacht idir tíortha an AE. Ciallaíonn sé sin go bhfuil cead ag saoránaigh an AE taisteal a dhéanamh idir bhallstáit gan víosa. Is an-bhuntáiste é sin do dhaoine óga cosúil linne ó thaobh oideachais agus fostaíochta de.

Táim an-bhuíoch den AE chomh maith as cearta ban sa láthair oibre a threisiú trí bhrú a chur ar Éirinn na hAchtanna um chomhionannas a thabhairt isteach. Tá cearta dár máithreacha, dár ndeirfiúracha, dár gcairde agus do gach bean eile bainte amach dúinn dá bharr mar nuair a rachaidh mise ar thóir post sa todhchaí, beidh mé agus mná na tíre ar fad i dteideal pá cothrom a fháil as lá cothrom oibre a chur isteach.

Is cinnte go bhfuil Éire agus an Bhreatain araon tar éis fás agus forbairt a dhéanamh de bharr a bheith rannpháirteach san AE. Ní thuigim, mar sin, an cinneadh a rinne an Bhreatain, nuair a chaith sí an vóta chun an AE a fhágáil. Tá an Breatimeacht ag dó na geirbe sa Bhreatain, in Éirinn agus san Eoraip le breis agus dhá bhliain anuas. Ní mór dom a admháil gur beag an aird a thug mé ar dtús dó go dtí go ndeachaigh mé i mbun taighde don togra seo. Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta ag Príomh-Aire ná ag Rialtas na Breataine faoi na socruithe imeachta. Níl ach 17 lá fágtha idir seo agus 29 Márta chun socrú a dhéanamh. Is é an socrú is tábhachtaí d'Éire ná go seasfaidh an cinneadh a rinneadh faoin gcúlstad. Thug Theresa May geallúint d'Éirinn nach mbeadh teorainn idir Éirinn agus Tuaisceart na hÉireann agus níl sé sin cinnte fós. Faoi láthair tá saorghluaiseacht agus saorthrádáil idir Tuaisceart agus Deisceart na hÉireann, rud atá dearfach agus ciallmhar. Mura dtiocfaidh an Bhreatain ar réiteach trádála leis an AE, ní bheidh an dara rogha ann ach teorainn chrua a thabhairt ar ais. Céim ar gcúl a bheadh ansin d'Éirinn ó thuaidh agus ó dheas. Rachainn chomh fada is a rá gur tubaiste mhillteanach dá roinnfí Éire le teorainn chrua. Is í mo ghuí nach dtarlóidh sé sin dár dtír inniu. Gabhaim buíochas leis an lucht éisteachta.