Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht

Dr. Brendan Mac Mahon:

Bhíodh deacrachtaí maidir le quota nuair nach raibh ann ach cúrsa bliana agus bhí 40 ann go hiondúil ar an gcúrsa sin. Leis an gcúrsa nua de dhá bhliain, táimid ag súil go mbeidh 35 ar an gcúrsa sin chuile bhliain ach ag breathnú ar na figiúirí sin, feiceann na baill nach bhfuil. Tagaim 100% leis an méid atá ráite ag an Dr. Ó Ceallaigh agus ag an Ollamh Ó Duibhir. Tá práinn ann maidir le soláthar. Tá muidne ag rá go bhfuil deacrachtaí maidir le caighdeán chomh maith céanna. Ní féidir just a bheith ag díriú ar sholáthar amháin, caithfear díriú ar chaighdeán agus bhí an caighdeán scríbhneoireachta luaite anseo. Níl aon dabht ach go bhfuil fostaíocht ag 100% de na mic léinn a imíonn ón gcúrsa atá againne, an máistir gairmiúil. Faigheann siad postanna i scoileanna Béarla, i nGaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta ach imíonn siad thar lear freisin. Tá scoth na múinteoirí atá tagtha amach as an gcúrsa sin a d'imigh go Dubai. Ní féidir a bheith cinnte go bhfanfaidh siad san earnáil, ná a bheith ag caint faoin tír fiú.

Mar atá ráite ag an Ollamh Ó Duibhir, caithfear luach a chur ar chúrsa a dhéanamh trí Ghaeilge. Ceann de na moltaí a bheadh againn ná sparánacht a chur ar fáil do mhic léinn atá sásta cúrsa a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá an teastas teagaisc don earnáil Ghaeloideachais curtha le chéile ag foireann an mháistir gairmiúlasan oideachas i nGaillimh atá ar fáil do mhic léinn ar na cúrsaí oiliúnt tosaigh muinteoirítrí Bhéarla ar fud na tíre ach is rud roghnach é sin. Má tá spéis acu é a dhéanamh, is féidir leo é a dhéanamh. Caithfear luach a chur ar an gcinneadh a dhéanann iarratasóir chun cúrsa a dhéanamh trí Ghaeilge.

Aontaím freisin leis an méid atá ráite ag an Dr. Ó Ceallaigh agus ag an Ollamh Ó Duibhir go gcaithfear úsáid a bhaint as an gcomhchreat tagartha mar shlat tomhais le cabhrú linn uilig chun breathnú ar chaighdeán na mac léinn agus iad ag fágáil na cúrsaí seo. Mar pholaiteoir, b'fhéidir gur fhág an Teachta Ó Snodaigh ceist an-oscailte dúinn faoi cad gur féidir le polaiteoir a dhéanamh. Is féidir go mbeadh na mic léinn ar na cúrsaí seo ag rá go dtógann sé ceithre bliana céim a bhaint amach agus ansin tá dhá bhliain anuas air sin le cáilíocht mar mhúinteoir meánscoile a bhaint amach ach má tá tuarastal ceart ar fáil dóibh ag an deireadh, b'fhéidir go mbeadh níos mó spéise acu tabhairt faoi na cúrsaí agus sé bliana a chaitheamh i mbun staidéir agus i mbun na hoibre sin.