Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 12 February 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht
Dr. T.J. Ó Ceallaigh:
Tá B1 ag teastáil chun teacht isteach ar an gcúrsa seo. Tá sé sin mar chritéir agus ansin sa chúrsa s'againne i gColáiste Mhuire Gan Smál, tá B1 ag teastáil ag teacht isteach agus caithfidh an t-iarratasóir a bheith ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge le blianta b'fhéidir, agus tá C1 ag teastáil ag dul amach. Tá sé práinneach agus tá géarghá leis seo ach go háirithe ag an iar-bhunleibhéal mar tá múinteoirí ansin nach bhfuair oiliúnt ná tacaíocht riamh leis na sainscileanna teanga atá acu. Tá siad cáilithe mar mhúinteoirí matamaitice agus mar mhúinteoirí eolaíochta agus faigheann siad poist i meánscoil éigin ach go tobann ansin, bíonn orthu an t-ábhar sin a mhúineadh trí Ghaeilge gan taithí ar bith acu ar conas é sin a dhéanamh agus b'fhéidir nach bhfuil an cumas teangeolaíochta acu ach an oiread chun an jab sin a dhéanamh go héifeachtach. Tá géarghá dul i ngleic leis seo agus chun tacaíocht a chur ar fáil do na múinteoirí, ach go háirithe iad siúd atá ag feidhmiú anois sna Gaelcholáistí agus sna scoileanna Gaeltachta ag an iar-bhunleibhéal nach bhfuil muiníneach as an gcumas atá acu sa Ghaeilge nó conas ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge.