Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht

Professor Pádraig Ó Duibhir:

Mar chuid den cheist sin a fhreagairt, is cúrsa ceithre bliana atá ann anois don BA san oideachas agus dhá bhliain ansin sa mháistreacht ghairmiúil. D'fhéadfaí a rá go bhfuil formhór an ama breise caite sna scoileanna seachas sa seomra léachta. Bíonn idirdhealú ar siúl i DCU, i gColáiste Mhuire gan Smál agus in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa mhéid is go mbíonn sainchúrsaí ar leith ann chun déileáil le hearnáil na Gaelscolaíochta. Sa chás seo againne, bíonn speisialtóireacht beagnach thart ar 12% den chúrsa. Is féidir le daoine rudaí a roghnú ar nós oideachas speisialta, oideachas luath-óige nó corpoideachas, ach tá an Ghaeilge mar ábhar nó speisialtóireacht ar leith nó rud roghnach arbh fhéidir a dhéanamh agus déantar idirdhealú ar an gcaoi sin.

Thacóinn go hiomlán leis an Teachta maidir leis an gcáilíocht. Ar fud na hEorpa, deirtear gur gá leibhéal C1 - chun filleadh ar an gcomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha - chun ábhar a theagasc tríd an sprioctheanga. Do na múinteoirí atá ag múineadh tríd an mBéarla ar fud na hEorpa, sa Spáinn, sa Ghearmáin agus i ngach áit eile, is leibhéal C1 a éilítear. Ní i gcónaí a bhíonn sé sin acu, mar tá na fadhbanna céanna ar fud na hEorpa maidir le hábhar a mhúineadh trí theanga eile. Is minic an brú atá ag teacht ó Rialtais an Béarla a chur chun cinn. Bíonn múinteoirí bochta gan an cháilíocht chuí nó an cumas cuí a bheith acu. B'shin an rud a nglactar leis: C1. Rachadh sé go mó chun sochair d'earnáil na Gaelscolaíochta dá mbeadh an t-idirdhealú sin déanta ach tá tú ag plé le ceardchumainn agus le go leor rudaí eile chun é sin a bhaint amach.