Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 12 February 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht
Dr. T.J. Ó Ceallaigh:
Ba bhreá liom a chur in iúl go bhfuil an Ghaeilge beo sna scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith. Tá sainriachtanais teangeolaíochta i gceist agus glacaimid go hiomlán leis sin, ach tá cúrsaí i bhforbairt ghairmiúil deartha agus tá an-fhreagracht ar cheannairí scoileanna na laethanta seo ní hamháin chun na riachtanais sin a aithint ach dul i ngleic leo.
Chomh fada is a bhaineann sé leis na coláistí, Coláiste Mhuire gan Smál agus na hinstitiúidí eile atá ag plé le múinteoirí agus le mic léinn atá i mbun forbartha agus atá ag dul i dtreo na scoileanna sin, tagann daoine isteach a mbíonn sainriachtanais ar leith acu. Bíonn orainn iad sin a aithint láithreach bonn agus éagsúlú dílis a dhéanamh bunaithe ar na sainriachtanais aitheanta sin agus na cláir teanga a chur ar bun dóibh. Ó thaobh an taithí sin, ní leor a bheith inniúil mar úsáideoir teanga, rud atá casta go leor uaireanta, ach chaithfí an deis a thabhairt dóibh chomh maith bonneagar na teanga sin a fhiosrú, ionas go mbeadh na rialacha agus na coinníollacha a bhaineann le hailtireacht na teanga a chothú. Níl sé sin maith go leor ach an oiread. Caithfidh siad an t-eolas sin go léir a aistriú go tascanna idé-eolaíochta sna scoileanna. Bíonn tréimhse fhoghlama sna Gaeltachtaí acu chun deiseanna a thabhairt dóibh cumarsáid iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge, chun inniúlacht a fháil ar phobal na Gaeltachta agus ar an oideachas cultúrtha sin chomh maith.
Tá sé fíochmhar dúshlánach, agus níl aon duine ag rá nach bhfuil, mar tá na caighdeáin tite go hiomlán ón uair a bhíodh ann. Táimid ag iarraidh ár ndícheall a dhéanamh freastal ar na sainriachtanais a bhíonn aitheanta againn lá i ndiaidh lae sa choláiste.