Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht

Mr. Tomás Ó Ruairc:

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcomhchoiste as an gcuireadh seo a eisiúint le ceist caighdeánú na scrúduithe Gaeilge agus ar cháilíochtaí tríú leibhéil d'ábhar múinteoirí a phlé. Is mise an stiúrthóir agus an príomhfheidhmeannach ar an gComhairle Múinteoireachta. I mo theannta anseo tá Fil Mac an tSionnaigh, ceannasaí nó ceannaire na rannóige oideachas tosaigh múinteoirí agus iondúchtáin. Ní theastaíonn uaim dul siar dáiríre ar a bhfuil ráite ag mo chomhghleacaithe go dtí seo, go háirithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus an tÚdarás um Ardoideachas, ach ar mhaithe ar an gcomhthéacs a shoiléiriú don chomhchoiste, ba mhaith liom ról na comhairle, go háirithe, faoi mar a bhaineann sé leis an gceist atá faoi chaibidil ag an gcomhchoiste a shoiléiriú go beacht agus go gairid, le cúnamh Dé.

Is comhlacht reachtúil um chaighdeáin ghairmiúla do ghairm na múinteoireachta sa tír seo í an chomhairle atá freagrach, ón uair a deireann duine ar bith gur mhaith leis nó léi a bheith ina mhúinteoir nó ina múinteoir, as gach céim faoina dtéann siad ina dhiaidh sin le cáiliú mar mhúinteoir agus le fanacht mar mhúinteoir. Táimid freagrach chomh maith as comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Scileanna maidir le critéir iontrála sna cláir oideachais tosaigh múinteoirí, faoi na cláir chéanna a athbhreithniú agus a chreidiúnú gairmiúil, agus tiocfaidh mé ar ais chuige sin faoi cheann nóiméid, as faomhadh na nGardaí do ghairm na múinteoireachta a chomhordú, as clár na múinteoirí nuair a cháilíonn siad, as iondúchtáin múinteoirí nuacháilithe faoin gclár Droichead, as caighdeáin a leagan síos d'fhoghlaim ghairmiúil leanúnach múinteoirí atá cáilithe faoin gcéad chreatlach náisiúnta d'fhoghlaim ghairmiúil sa tír seo ar a dtugtar Cosán, as aon ghearán faoi ábhar dáiríre i gcoinne múinteoir cláraithe a fhiosrú más oiriúnach do theagasc é, agus as cúrsaí taighde sa réimse polasaí seo againne mar chomhairle agus as taighde a chur chun cinn i ngairm na múinteoireachta, is é sin le rá, na múinteoirí atá ag dul i mbun taighde, mar atá á dhéanamh acu le blianta fada anuas, agus múinteoirí ag plé leis an taighde, bíodh siad i mbun an taighde nó mura mbídís.

Maidir leis an difríocht sin idir creidiúnú gairmiúil agus acadúil, is é creidiúnú gairmiúil nuair a dhéarfadh don chomhairle céard é an caighdeán atá de dhíth, lena chinntiú go bhfuil múinteoirí ullmhaithe sách maith le haghaidh riachtanais laethúla an tseomra ranga sna scoileanna, agus is é creidiúnú acadúil na cásanna a deireann ollscoileanna, agus an sainaitheantas acu ina leith, cé acu an dochtúireacht nó iarchéim nó bunchéim é an cúrsa céanna.

Táim ag súil le ceisteanna an chomhchoiste a fhreagairt.