Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 December 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: Tusla

4:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an ngníomhaireacht agus aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh maidir le haon chabhair is féidir linn a thabhairt don ghníomhaireacht. Mar achoimre a dhéanamh, tá an ghníomhaireacht ag rá go mbeidh cigire breise ann le Gaeilge an bhliain seo chugainn, go mbeidh plean teanga agus suirbhé ó thaobh na foirne de, go mbeidh an ghníomhaireacht ag breathnú ar chúrsaí, agus go mbeidh oifigeach Gaeilge earcaithe freisin an bhliain seo chugainn. Ar a laghad beidh na rudaí go léir sin déanta ag an ngníomhaireacht laistigh den bhliain seo chugainn. An bhfuil an ceart agam é sin a rá gan trácht a dhéanamh ar aon rud eile?