Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 December 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: Tusla

4:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá dhá cheist agam agus níl mé ag clamhsán. Aithním na fadhbanna atá ag Tusla, agus cé nach bhfuil an ghníomhaireacht ar an gcomhlacht is measa sa Státchóras, tá na figiúirí atá cloiste againn go dona. Ar a laghad, tá an ghníomhaireacht seo ag glacadh gur gá athrú a dhéanamh.

Tá dhá cheist agam, agus sa dá limistéar seo, tá spéis áirithe agam iontu. An bhfuil teanga ar fáil dóibh siúd atá ag déileáil le ceist chosanta leanaí? Má tá páiste ann agus gur Gaeilge an chéad teanga atá aige nó aici, uaireanta bíonn sé deacair orthu a gcuid fadhbanna a chur in iúl i mBéarla nó in aon teanga eile. Má thagann oifigigh an ghníomhaireacht ar pháiste atá i gcruachás, an féidir teanga a bheith ar fáil ar ghuthán nó a leithéid chun cuidiú leis an ngníomhaireacht san obair seo tráth a mbíonn an-tábhacht ag gabháil leis, is é sin ag an gcéad chéim de, nó fiú amháin ina dhiaidh sin?

Sa dara ceist fiafraím den ghníomhaireacht maidir le seirbhís eile. Luaigh an ghníomhaireacht cúramóirí altranais nó foster parents. Dúradh go bhfuil roinnt cúramóirí agus clann ann atá ar fáil don ghníomhaireacht. Tá a fhios agam ó roinnt cairde atá agam agus ó dhaoine atá ag gabháil dá leithéid, a luaithe a bhfuiltear ag caitheamh le páiste nó le páistí, tá an duine as an gcóras ar shlí amháin. Ní bhogtar daoine timpeall. Má tá clann nó dhá chlann le Gaeilge ann agus tá páistí acu ann cheana féin, an bhfuil earcú leanúnach ar siúl chun clanna nua a fháil agus ceist a chur orthu nuair atá siad á gcur iad féin ar fáil don ghníomhaireacht go bhfuil Gaeilge acu? Má tá páistí ag teacht i gcás mar sin, cás éigeandála, agus gur Gaeilge an teanga atá sa bhaile acu, bheadh sé tábhachtach go mbogaidís isteach i gclann eile a bhfuil Gaeilge mar theanga acu, seachas á mbogadh isteach i gclann eile nach bhfuil an Ghaeilge inti. Má bhogtar iad isteach iad i gclann le Béarla, cuireann sé sin leis an bhfadhb nó leis an gcur as don saol atá ag páiste, go háirithe má tá siad óg, faoi chúig nó shé bliana d'aois.