Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 December 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Soláthar Oideachais lán-Ghaeilge: An Foras Pátrúnachta

4:00 pm

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

I ndáiríre ceapaimid go bhfuil an coiste seo freagrach as agus ag plé leis an nGaeilge, cur chun cinn na Gaeilge agus an Ghaeltacht, agus gach a mbaineann léi. Feictear dom go bhfuil cur chun cinn na Gaeilge sáite sna Gaelscoileanna agus san oideachas lán-Ghaeilge. Go minic feicimid, agus feictear sa daonáireamh freisin, nuair a bhunaítear scoileanna lán-Ghaeilge i gceantar, go fheidhmíonn siad mar ghríosú don phobal an Ghaeilge a labhairt. Tosaíonn tuismitheoirí ag dul ar ranganna Gaeilge agus tugtar aird an phobail agus an cheantair don Ghaeilge.

Go minic as bunscoileanna lán-Ghaeilge fásann scoil lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal. Is sampla maith de seo é Cill Dara. Le 20 bliain anuas tá scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal bunaithe ag an bhForas Pátrúnachta i gceantar Chill Dara. As sin, d'oscail muid Gaelcholáiste in 2003. Táimid ag tuar go mbeidh suas le 500 dalta ag freastal ar an nGaelcholáiste sin faoi cheann dhá ná trí bliana eile. Fuarthas sa daonáireamh go raibh ardú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais i gCill Dara. Is borradh sa Ghaeilge é sin atá ag teacht ó thuismitheoirí agus ó dhaoine ar an talamh. Níl sé ag teacht mar chuid de pholasaí Stáit. B'fhéidir go bhfuil sé ag troid ina choinne uaireanta. Feicimid go bhfuil sé riachtanach go dtacódh an Stát leis. Is as an nGaeltacht mé féin agus tá sí fíorthábhachtach. Teastaíonn tacaíocht ón nGaeltacht. Tá sé sin ag tarlú tríd an aonad um oideachas lán-Ghaeilge sa Roinn Oideachais agus Scileanna ach is gá plean den Ghaelscolaíocht taobh amuigh den Ghaeltacht agus is gá tacaíocht do sin chomh maith céanna.