Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 December 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Soláthar Oideachais lán-Ghaeilge: An Foras Pátrúnachta

4:00 pm

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Déanfaidh mé iarracht iad seo a fhreagairt, más féidir liom. Bhí an-áthas orainn gur oscail an dara Gaelscoil i mBaile an Chollaigh. Is ceann de na heiseamláirí í Baile an Chollaigh i ndáiríre, mar nuair a fheiceann pobal Gaelscoil agus oideachas lán-Ghaeilge agus nuair a thuigeann an pobal na buntáistí a bhaineann leis maidir le hoideachas agus forbairt na bpáistí agus le gach gné den chineál oideachas sin, bíonn éileamh air. Ní hamháin nach bhfuil dóthain Gaelscoileanna ann agus gurb é sin ceann de na fáthanna go bhfuil ró-éileamh mór ar na scoileanna seo, ach go bhfeiceann daoine na buntáistí. Ní muid amháin atá díreach á rá é seo. Go hidirnáisiúnta, tá sé faighte go bhfuil oideachas tríd an dara teanga ar an múnla atá i nGaelscoileanna lán de bhuntáistí acadúla, cognaíocha, forbartha pearsanta agus ó thaobh cumas páistí an dara, an tríú nó an ceathrú teanga a fhoghlaim. Tá sé sin faighte agus cruthaithe go hidirnáisiúnta. Mar sin nuair a fheiceann agus nuair a théann pobal i dtaithí ar Ghaelscoil agus nuair a fheiceann siad na páistí ag teacht amach as sin, bíonn siad ag lorg an cineál sin oideachais.

Ní hamháin gur ceist í seo ó thaobh na Gaeilge agus maidir le rogha agus ceart na dtuismitheoirí. Is ar mhaithe leis an tír, le dul chun cinn na tíre, le forbairt ár bpaistí agus chun an deis is fearr a thabhairt do pháistí a cheapaimid gur cheart go mbeadh níos mó Gaelscoileanna ann.

Táim ag imeacht ón bpointe. Ba mhaith liom an pointe a dhéanamh maidir le Baile an Chollaigh freisin. Tá an-chaint faoi láthair ar chumas oibrithe na tíre seo feidhmiú le comhlachtaí idirnáisiúnta agus an bhéim bhreise a bheidh ar Éirinn mar an t-aon tír a bhfuil an Béarla mar an phríomhtheanga ann agus muid lonnaithe fós san Aontas Eorpach. Beidh níos mó gá go mbeidh na daoine agus na páistí atá sna scoileanna faoi láthair in ann feidhmiú tríd an tríú nó an gceathrú teanga Eorpach. Tá fíor dheis againn le Gaelscolaíocht mar tá sé cruthaithe ag na páistí a thagann tríd an gcóras sin go bhfoghlaimíonn siad an tríú agus an ceathrú teanga Eorpach i bhfad níos éasca. Is anseo ba cheart an bhéim a chur ag an Roinn Oideachais agus Scileanna má táimid ag iarraidh tacú níos mó le dul chun cinn na tíre amach anseo.

Maidir le líon na scoileanna, ó 2013 go dtí an bhliain seo, tá seacht scoil bunaithe againn ag an mbunleibhéal. Níl na figiúirí agam faoi cé mhéad scoil a bhunaigh Educate Together ach tá a fhios agam go bhfuil líon i bhfad níos mó bronnta ar an ngrúpa sin sa tréimhse. Tá sé sin intuigthe. Is é sin an pointe atáimid á dhéanamh. Tá formhór tuismitheoirí ag roghnú rogha Béarla. Is é sin atá ag titim amach.