Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 December 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Soláthar Oideachais lán-Ghaeilge: An Foras Pátrúnachta

4:00 pm

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Tá clár oibre leathan ag an Roinn. Go minic agus mé ag plé le hoifigigh na Roinne, go háirithe le deich mbliana anuas agus leis an ngeilleagar mar a bhí sé, an príomh ról a bhí acu ná cinntiú go raibh spás ag gach páiste sa tír ar scoil, agus tá sé sin tábhachtach. Ansin bhí meascán, agus seo an rud bunúsach atá mícheart leis an bpróiseas pátrúnachta. Mheasc siad an Ghaeilge agus an sainspiorad spioradálta a bhíonn sna scoileanna. Bhí an dearcadh ag an Roinn go minic go raibh sí ag tabhairt an rogha do na tuismitheoirí ab í scoil ilchreidmheach nó scoil lán-Ghaeilge a bhí á iarradh acu. Bhí siad in ann iarratas a dhéanamh ar scoil lán-Ghaeilge freisin. Ní raibh sé sin ag aithint an fhadhb, an dúshlán agus an claonadh a bhí i gcoinne an oideachais lán-Ghaeilge mar, go nádúrtha, tá tromlach na ndaoine chun roghnú a dteanga laethúil Béarla in ionad na Gaeilge. Caithfidh an Roinn Oideachais agus Scileanna feidhmiú go gníomhach. Mar a dúirt an Teachta, caithfidh sí tacú leis an éileamh a chothú chomh maith leis an éileamh a shásamh. Tá sé glactha mar pholasaí ag an Stát gur gá é sin a dhéanamh ach níl an fheidhm sin ann faoi láthair.