Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 December 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht Raidió agus an Ghaeilge: Plé

4:00 pm

Dr. Rosemary Day:

Ní luann siad cé mhéad uaireanta, ach ar an mórchuid deir siad go ndéanfaidh siad cláir a chraoladh agus go ndéanfaidh siad cláir dátheangacha agus cláir a bheidh siamsaíocht ag baint leo agus mar sin de. Is féidir le hÚdarás Craolacháin na hÉireann monatóireacht a dhéanamh air sin agus go bliantúil tagann na figiúirí ar ais faoin méid a deir na stáisiúin a dhéanann siad. Tá ráiteas sa dréachtphlean ag Údarás Craolacháin na hÉireann go bhfuil sé chun an monatóireacht seo a dhéanamh ar chúrsaí na Gaeilge agus go bhfeicfidh sé cé chomh maith atá ag éirí leis an bplean agus an bhfuil aon éifeacht aige ar na stáisiúin.

Ar bhealach, tugann sé seo freagra ar an gceist dheireanach a chuir an Teachta mar gheall ar an oifigeach Gaeilge a bhíodh ann. Ag dul siar go 1998, bhí tionscnamh an-mhaith ag Foras na Gaeilge, nó Bord na Gaeilge a bhí ann ag an am, agus ag an Independent Radio and Television Commission, IRTC, mar a bhí ann ag an am, agus idir an dá eagras, d'íoc siad as oifigeach Gaeilge a fhostú ar feadh bliain go leith nó dhá bhliain. Rinne an bhean a bhí i mbun, Lisa Ní Choisdealbha, sár obair ag caint leis na bainisteoirí agus na craoltóirí. Chuir siad cúrsaí traenála ar siúl agus d'eagraigh siad cúpla seisiún nuair a tháinig craoltóirí le chéile chun smaointí a phlé agus chun a bheith níos cruthaitheach. In eascairt an post mar oifigeach Gaeilge, tháinig an comhchoiste a bhunaíodh an t-am sin. Thóg Foras na Gaeilge agus Údarás Craolacháin na hÉireann mar a bhí ann ag an am, na heagrais Gaeilge le chéile, is iad sin Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Glór na nGael, Conradh na Gaeilge agus cúpla grúpa eile ar nós Raidió na Life. Mar a tharla, bhí mise ar an gcoiste cé nár chuimhin liom go díreach cén fáth. Ceann de na rudaí is mó a bhrú muid chun cinn ná go mbeadh duine ann seachas coiste. Tá coiste go maith ach bíonn obair eile le déanamh ag gach aon bhall den choiste. Dá mbeadh duine buan ceaptha, bheinn an-sásta.

Chuir an Teachta ceist ag fiafraí ar chuireamar aon cheist faoi phlean. Ní hé nár rith sé linn ach, faraor, ní raibh d'acmhainn againn ná an t-am againn é a dhéanamh. Táimid ag iarraidh tabhairt faoin taighde don bhliain seo chugainn agus bhíomar ag smaoineamh ar trí chuid a bheith sa taighde. Ba mhaith linn an comhaireamh a dhéanamh arís agus é a dhéanamh chomh sciobtha agus is féidir le go bheimis in ann a rá bliain in aghaidh bliana go bhfuil cúrsaí níos fearr. Tá súil agam go mbeimid in ann é sin a rá arís fad agus atá a fhios ag daoine sa stáisiún go bhfuil duine éigin ag faire orthu agus ag cur na ceisteanna.

An rud is spéisiúla a luaigh Dr. Walsh ná agallamh a dhéanamh ar bhainisteoirí agus ar chraoltóirí agus dá bhféadfaimis é sin a dhéanamh ar bhonn sách leathan, d'fhéadfaimis labhairt faoi phlean. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom go mbeadh roinnt éisteachta le déanamh ar na cláir le go bheimis in ann a rá go raibh caint sa chlár, seachas just ainm dátheangach a bheith air.

Tagraím don cheist ag fiafraí an mbeadh an comhchoiste athbhunaithe le hoifigeach Gaeilge ann. B'fhéidir go bhféadfaimis comhoibriú leis an gcoiste agus leis an duine sin, go bhféadfaimis oibriú leis na stáisiúin chun plean forbartha a leagan amach i gcomhpháirtíocht leo, agus go bhféadfadh an t-oifigeach seo nó oifigigh dul timpeall na tíre agus cabhrú leo. Níl sé chomh deacair sin daoine cainteach a fháil i measc Gaeilgeoirí. Níor bhuail mé le mórán Gaeilgeoirí riamh nach raibh go leor le rá acu, agus i gcás cúrsaí raidió, feicim go bhfuil go leor daoine ag iarraidh dul ar an aer. Caithfidh siad bealaí níos cruthaitheach a fháil chun iad a mhealladh agus caithfear an fháilte a bheith rompu sa stáisiún. Caithfimid an gort sin a réiteach le go bhféadfaimis é a threabhadh.